Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán i Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis an Dr. Sarah Doyle a athcheapadh ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann. Ceapadh í ar an mBord den chéad uair an 20 Lúnasa 2018. Tá éifeacht ag an athcheapachán seo ón 20 Lúnasa 2021 go dtí an 19 Lúnasa 2024.

An Dr. Sarah Doyle

An Dr. Sarah Doyle MB BCH BAO (Onór.) Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Comhalta de chuid Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (RCPI). Is ánra í i nDámh an Leighis Sláinte Poiblí san RCPI agus tá Ardoiliúint sa Leigheas Sláinte Poiblí críochnaithe aici in 2007. Céim Mháistir sa tSláinte Phoiblí, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 2001 (Onór., Céad Áit).

Tar éis di oiliúint a fháil sa Leigheas Ginearálta agus sa Neifreolaíocht go dtí 2000, thug an Dr. Doyle faoi oiliúint níos speisialtóra sa Leigheas Sláinte Poiblí. D'oibrigh sí mar Lia Comhairleach sa Leigheas Sláinte Poiblí sa Roinn Sláinte Poiblí san Oir-Dheisceart ó bhí 2007 ann, agus, is é sa chosaint shláinte amháin atá sí ag obair ó 2010 go dtí seo. Mar chuid den obair sin, tá uirthi ceannaireacht a thabhairt d’fhoirne réigiúnacha maidir leis an rialú galar tógálach ó lá go lá, chomh maith le foirne srianta ráige a threorú, freagairt a thabhairt do theagmhais uisce tógálach agus ceimiceach, an ionadaíocht agus an iniúchadh a dhéanamh, tacú le comhghleacaithe cliniciúla agus le comhghleacaithe eile chun galair thógálacha a chosc agus a rialú, agus treoirlínte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Ar an mbonn náisiúnta, tá ceannaireacht tugtha ag an Dr. Doyle do na foirne náisiúnta don bhfaireachas, don chosc agus don rialú galar tógálach, d’fhorbairt agus cur i bhfeidhm na treorach náisiúnta, agus do chur chun cinn sláinte agus abhcóideachta, agus í ag glacadh páirte sna réimsí uile sin chomh maith. I measc na réimsí speisialta spéise atá aici tá ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STIanna) agus galair tógálacha stéigeach, chomh maith le zónóisí, an eitinn agus an uisce óil.