English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapadh an Chathaoirligh agus ceapadh/athcheapadh 13 chomhalta de Bhord Ospidéal Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an tUas. Frank Nolan a athcheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord Ospidéal Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath agus rinne sé 13 chomhalta a cheapadh/a athcheapadh. Mairfidh na ceapacháin/na hathcheapacháin go léir téarma ceithre bliana ón 2 Lúnasa 2019 go dtí an 1 Lúnasa 2023.


Athcheapacháin:

An tUas. Frank Nolan

Tá Frank ina bhall cáilithe d’Institiúid Chairte na gCuntasóirí Bainistíochta (CIMA) ón mbliain 1990 i leith agus d’éirigh sé ina Chomhalta den Institiúid sa bhliain 2013. Tá sé ina chomhalta boird do Réigiún na hEorpa i gCuntasaíocht Bainistíochta do Chumann na gCuntasóirí Gairmiúla Deimhnithe Idirnáisiúnta ó bhí an bhliain 2017 ann. Bhí sé ina chomhalta boird de CIMA (Éire) ón mbliain 2011 i leith agus d’éirigh sé ar an gCathaoirleach ar CIMA (Éire) sa bhliain 2014/15.

Roimhe sin, bhí sé ina chomhalta boird de CIMA (Tuaisceart Éireann) ón mbliain 2009 i leith agus d’éirigh sé ar an gCathaoirleach ar CIMA (Tuaisceart Éireann) sa bhliain 2012/13. Bhí Frank ina Chomhalta de Choiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta (Éire) idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2015. Tá taithí breis agus 30 bliain aige ar obair mar Chomhpháirtí Gnó Airgeadais agus Oibríochtaí ar fhoirne bainistíochta sinsearaí. Ghnóthaigh sé an taithí sin san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, i gCoiste Luach Saothair Oifigigh Rialtais Áitiúil Thuaisceart Éireann, sa BBC (Tuaisceart Éireann), i mBord Turasóireachta Thuaisceart Éireann agus in Diageo Ireland. I láthair na huaire, tá sé ar an mBainisteoir Oibríochtaí um Pleanáil Airgeadais Loingseoirí agus Pleanáil Airgeadais Ceann Scríbe agus tá sé ina Chuntasóir Sinsearach do Aviareto. Is maith leis a bheith ag seoltóireacht agus ag imirt gailf.

An Dr Robert Gorby

Bhain an Dr Gorby céim i bhFiaclóireacht amach as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1993. D’oibrigh sé mar Oifigeach Tí in Ospidéal Ollscoile Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé isteach i gcleachtadh príobháideach mar chomhlach fiaclóireachta. Sa bhliain 1999, chuir sé a chleachtadh fiaclóireachta príobháideach féin ar bun i mBaile Átha Cliath. Le breis agus fiche bliain anuas, tá sé ag obair mar mhúinteoir cliniciúil páirtaimseartha in Ospidéal Ollscoile Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath, áit a dteascann sé mic léinn Eolaíocht Fiaclóireachta agus Sláinteachas Fiacla.

Is é an Dr Gorby an t-ionadaí do na múinteoirí cliniciúla páirtaimseartha san ospidéal. Is é ainmní Chumann Fiaclóireachta na hÉireann chuig an mBord é.

An tOllamh Derek Sullivan

Tá an tOllamh Derek Sullivan ar an Ollamh le Micribhitheolaíocht agus ar an Stiúrthóir Teagaisc agus Foghlama i Scoil na hEolaíochta Fiaclóireachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus in Ospidéal Ollscoile Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath. Bhain Derek céim in Eolaíochtaí Nádúrtha amach as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ghnóthaigh sé PhD ó Ollscoil an Chaisleáin Nua freisin. Chuaigh sé isteach sa Scoil agus san Ospidéal mar thaighdeoir iardhochtúireachta sa bhliain 1991. Is é a phríomhréimse spéise taighde ná anailís mhóilíneach a dhéanamh ar conas atá speicis ghiosta chaindide mar chúis le galar i measc daoine.

D’fhóin Derek mar Dhéan Comhlach Taighde i gColáiste na Tríonóide (2012-14) agus bhí sé ina Cheann Rannóige agus ina Stiúrthóir Taighde sa Scoil agus san Ospidéal. D’oibrigh sé ar an mbord eagarthóireachta de chuid roinnt irisleabhar agus tá saothar leathan foilsithe aige i réimse na míceolaíochta leighis. Sa bhliain 2011, d’éirigh Derek ina chomhbhunaitheoir agus ar an gcéad Ard-Rúnaí ar Chumann Fungais na hÉireann.

An tUas. John O'Halloran

Cathaoirleach, an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

Is Cuntasóir Cairte é John. Tá taithí breis agus 25 bliana aige ar obair in eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Bhain sé céim MBA le céadonóracha amach as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina Chomhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann ó bhí an bhliain 2001 ann. Bhí poist shinsearacha airgeadais aige le roinnt eagraíochtaí, lena n-áirítear Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, Turasóireacht Éireann agus Compass Group. I láthair na huaire, tá sé ar an gCeann Airgeadais le The Talbot Group, a sholáthraíonn Seirbhísí Tí Altranais, Míchumais Intleachta agus Gortaithe Inchinne Fhaighte. Tá sé ar an Leas-Chathaoirleach ar a Chomhar Creidmheasa áitiúil, áit a bhfónann sé ar an gCoiste Infheistíochta agus ar an gCoiste Iniúchóireachta. Tá spéis aige ina lán spórt, go háirithe mar réiteoir rugbaí le Cumann Réiteoirí Laighean.

An Dr Ronan Donelan

Tá cúlra ag an Dr Ronan Donelan i dtaighde cógaisíochta a dhéanamh agus i gcógais nua a chlárú. D’oibrigh sé mar bhall gníomhach d’fhoirne ildisciplíneacha a dhéanann trialacha cliniciúla agus a cheadaíonn cógais nua ar fud réimsí éagsúla galair theiripigh. Chaith sé breis agus 20 bliain ag obair le heagraíocht dhomhanda taighde chliniciúil. Ina dhiaidh sin, i mí na Samhna 2016, thug sé faoina phost reatha mar Cheann Gnóthaí Rialála agus Faireachas Cógas agus mar Oifigeach um Chomhlíonadh Corparáideach le cuideachta dhomhanda cógaisíochta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. I measc a réimsí spéise gairmiúla tá Rialachas Corparáideach, Creataí Bainistíochta Riosca, agus Cinnteoireacht ar Leibhéal an Duine Aonair agus ar Leibhéal na hEagraíochta. Ar na cáilíochtaí atá aige tá céim MSc i Leigheas Cógaisíochta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus PhD ó Scoil Cógaisíochta Caerdydd.

Sinéad O’Loghlin Uas.

Is í Sinéad O’Loghlin comhpháirtí bainistíochta O’Loghlin Hughes.

Is aturnae cleachtach í Sinéad, a bhain céim amach as na scoileanna dlí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Chumann Onórach Óstaí an Rí agus Dhlí-Chumann na hÉireann.

Déanann Sinéad speisialtóireacht sa dlí sláinte agus i rialáil sláinte. Tá saineolas ar leith aici ar an dlí um chosaint tomhaltóirí, ar an dlí iomaíochta, ar an dlí cúram sláinte agus ar dhlí árachais an Aontais Eorpaigh/na hÉireann.

Agus í ar iasacht sa Roinn Airgeadais le déanaí, chuir sí comhairle ar an Roinn maidir le creat airgeadais ‘Sócmhainneacht II’ ón Aontas Eorpach a thrasuí i ndlí na hÉireann.

Cuireann Sinéad comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna conartha agus tráchtála ar fud raon leathan earnálacha tionscail do chliaint intíre agus do chliaint idirnáisiúnta araon. Tá saothar leathan foilsithe aici sna réimsí sin agus cuireann sí le fóraim thionscail go rialta freisin.

An Dr Aislinn Joy

Tá an Dr Aislinn Joy ag obair mar Léachtóir le hOideachas Leighis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ón mbliain 2007 i leith. Roimhe sin, chaith sí breis agus deich mbliana ag obair i gcleachtadh ospidéil éigeandáilbhunaithe aosach agus péidiatrach. Céimí de chuid Scoil an Leighis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (1995), is ea Aislinn.

Mar léachtóir, tá sí i gceannas ar Fhoghlaim Idirghairmiúil laistigh den Aonad um Oideachas Leighis. Chomh maith leis sin, gníomhaíonn sí mar chomhordaitheoir suíomhanna cliniciúla do mhic léinn bliana deiridh leighis in Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh.

Ón mbliain 2014 i leith, tá sí ag glacadh páirt ghníomhach i rialáil a dhéanamh ar chláir oideachais do ghairmithe cúram sláinte ar scála náisiúnta agus i gcaighdeáin a cheadú ina leith. Anuas air sin, tá sí ina ball den phainéal creidiúnúcháin do Chumann Cógaiseoirí na hÉireann agus do Chomhairle na nDochtúirí Leighis.

Tá sí ina comhalta de choiste feidhmiúcháin Líonra Teagascóirí Leighis na hÉireann ón mbliain 2015 i leith. Chomh maith leis sin, fónann sí ar fhochoiste taighde choiste feidhmiúcháin an Líonra.

Rebecca Conlon Uas.

Is aturnae a dhéanann speisialtóireacht i bhfaillí chliniciúil í Rebecca. Is altra cáilithe í freisin. Rinne Rebecca staidéar ar an dlí le linn di obair mar altra. Bhain sí céim amach as Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, sa bhliain 1996 agus cháiligh sí mar aturnae sa bhliain 2000. D’éirigh sí ina ball d’fhoireann Arthur Cox Solicitors sa bhliain chéanna, ag obair go príomha i ndlíthíocht chliniciúil. Idir an bhliain 2004 agus an bhliain 2011, d’oibrigh sí go neamhspleách mar aturnae comhairleach don ghnólacht.

Sa bhliain 2011, d’éirigh Rebecca ina ball foirne den Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát mar Bhainisteoir Éileamh Cliniciúil. Bainistíonn sí éilimh chliniciúla agus ionchoisní thar ceann roinnt fiontar cúram sláinte. Cuireann sí comhairle ar ghairmithe cúram sláinte maidir le saincheisteanna dlí-liachta ar bhonn rialta. Tá sí i mbun staidéir i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn faoi láthair chun Céim Máistreachta in Eitic agus Dlí Cúram Sláinte a bhaint amach.


Ceapacháin tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí:

An tOllamh Maeve Conrick

Tá Maeve Conrick ina hOllamh Emeritus agus ina hiar-Phríomhoide ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sí a hoideachas in Éirinn, san Eilvéis agus sa Fhrainc. Bhain sí dochtúireacht amach as Université Aix-Marseille agus bhain sí DLitt, ard-dochtúireacht ar shaothar foilsithe, amach as Ollscoil na hÉireann. Tá a saothar foilsithe le fáil i roinnt mhaith irisleabhar agus leabhar idirnáisiúnta, go háirithe i réimse na Sochtheangeolaíochta agus i réimse na Teangeolaíochta Feidhmí. I measc bhuaicphointí a gairme tá ceapachán mar Chomhairleoir Speisialtóra chuig Coiste de chuid Theach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe, an Prix du Québec a bhronn Rialtas Québec uirthi, agus Gradam Idirnáisiúnta an tSeanascail sa Léann Ceanadach sa bhliain 2017, rud a bronnadh uirthi as an méid ollmhór a chuir sí leis an scoláireacht agus leis an Léann Ceanadach a fhorbairt ar fud an domhain.

Roimhe sin, bhí an tOllamh Conrick i seilbh oifige i roinnt comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear mar Chomhalta den Údarás um Ard-Oideachas agus mar Leas-Chathaoirleach ar an Údarás. Faoi láthair, tá sí ina comhalta boird de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (a fhónann ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca freisin) agus ina ball de Chomhairle Preasa na hÉireann. Sa bhliain 2018, ceapadh í mar chomhalta idirnáisiúnta de Phríomhphainéal D de REF2021, Creat Sármhaitheasa Taighde na Ríochta Aontaithe.

Una Healy Uas.

Tá Una Healy Uas. ar an bPríomhbhainisteoir Sábháilteachta agus Riosca in Ospidéal San Séamas. Tá saineolas speisialtóra aici i mbainistíocht riosca chliniciúil. Áirítear lena punann taithí fhairsing ar athbhreithnithe sábháilteachta a threorú agus a dhéanamh, treoir a thabhairt d’fhoirne cliniciúla, ról comhairleach a ghlacadh i roinnt mhaith coistí rialachais cháilíochta agus sábháilteachta agus ról lárnach a ghlacadh i gclár rioscaí an Ospidéil a bhainistiú. Tá Una ina ball de Choiste Cáilíochta, Sábháilteachta agus Riosca an Bhoird Ospidéal agus tá sí ar Rúnaí an Choiste.

Céimí de chuid Chlár Ceannaireachta Feidhmiúcháin FSS is ea Una. Chomh maith leis sin, tá Ánracht i Sábháilteacht agus Cáilíocht Cúram Sláinte aici, tá céim MSc i bhForbairt Ceannaireachta agus Bainistíochta aici agus tá céim BSc aici i gCáilíocht agus Sábháilteacht i gCúram Sláinte.

Bhí sí ina ball den ghrúpa dearaidh um fhorbairt Chreat Bainistíochta Teagmhas Sábháilteachta FSS sa bhliain 2018. Tá Una ag leanúint le hobair i ndlúthchomhar le hothair agus le baill foirne agus ag cur le cláir acadúla agus comhdhálacha acadúla ar fud na tíre.

Michal Siwiec

Is Iniúchóir Inmheánach Cairte (CMIIA) é an tUas. Michal Siwiec. Tá taithí breis agus 18 mbliana aige ar obair i róil éagsúla iniúchóireachta agus chuntasaíochta i seirbhísí airgeadais. Chaith sé an dá bhliain déag is déanaí den tréimhse sin ag obair in institiúid mhór seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta, áit ar oibrigh sé ar feadh níos mó ná deich mbliana mar iniúchóir inmheánach sular aistrigh sé chuig ról i gComhlíonadh agus Riosca Oibriúcháin agus sular ceapadh é mar Rúnaí ar an gCoiste Riosca Oibriúcháin. Chaith sé roinnt mhaith blianta ag fónamh mar bhall den Choiste Riosca Oibriúcháin, de bhreis ar ionadaíocht a dhéanamh d’iniúchóireacht inmheánach sa Choiste Iniúchóireachta, i gcoistí bainistíochta agus riosca agus ag cruinnithe Boird. I measc a thaithí roimhe seo tá ról airgeadais i bpríomhchuideachta árachais sa Ríocht Aontaithe agus poist iniúchóireachta seachtraí agus sainchomhairleoireachta i gceann de na 4 ghnólacht cuntasaíochta is mó. Tá céim MSc in Airgeadas agus Baincéireacht aige agus chuir sé an tArd-Dioplóma in Iniúchóireacht Inmheánach agus Bainistíocht (MIIA) i gcrích le hInstitiúid Cairte na nIniúchóirí Inmheánacha, an Ríocht Aontaithe agus Éire. Anuas air sin, is Cuntasóir Deimhnithe Cairte (FCCA) agus Iniúchóir Inmheánach Deimhnithe é agus tá an cháilíocht mar Bhainisteoir Riosca Oibriúcháin (ORM) aige. Fónann sé mar chomhalta deonach bord in AIESEC Ireland, ar eagraíocht neamhbhrabúis a fhorbraíonn ceannaireacht ógra é.

Ceapadh na n-ainmnithe ó chomhlachtaí eile:

An Dr Fidelma Fitzpatrick – arna hainmniú ag Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Tá an Dr Fidelma Fitzpatrick ina Léachtóir Sinsearach agus ar an Stiúrthóir ar Thimthriall Idirmheánach an chláir leighis fochéime i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn. Tá sí ina Micribhitheolaí Comhairleach in Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath, Éire, freisin. Déanann an Dr Fitzpatrick cathaoirleacht ar Choiste Náisiúnta Rialachais Seipsise Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ar Choiste Comhairleach Eolaíoch an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte. De bhreis air sin, tá spéis ag an Dr Fitzpatrick i rannpháirtíocht an phobail in ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte (HAI) agus i bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR).

Roimhe sin, d’oibrigh an Dr Fitzpatrick ar leibhéal náisiúnta ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2014. Agus í ag obair san Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, bhí sí i gceannas ar na chéad staidéir leitheadúlachta náisiúnta ar ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte in ospidéil ghéarmhíochaine agus i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh. De bhreis air sin, bhunaigh sí an clár faireachais náisiúnta ar Clostridium difficile agus rinne sí cathaoirleacht ar roinnt coistí treoirlínte náisiúnta. Agus í ag obair mar threoraí cliniciúil náisiúnta le haghaidh ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, bhunaigh sí an clár cliniciúil náisiúnta in FSS; chomhordaigh sí an plean oibre náisiúnta i leith ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte agus i leith frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach; bhí sí i gceannas ar an bhfeachtas náisiúnta faisnéise poiblí maidir le hantaibheathaigh, ar an gclár náisiúnta um shláinteachas láimhe agus ar an gclár maoirseachta ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach; agus rinne sí maoirseacht ar bhunú an Choiste Comhordaithe Idir-earnálaigh Náisiúnta maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, rud atá á reáchtáil ag an Roinn Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta.

An tOllamh Orla Sheils – arna hainmniú ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Tá PhD i bPaiteolaíocht Mhóilíneach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag an Ollamh Orla Sheils. Tá céim MA i nDlí agus Eitic Leighis ó Choláiste an Rí, Londain, aici freisin. Tá sí ina ceannaire i bpaiteolaíocht mhóilíneach ildisciplíneach agus tá sí ag obair ar son réimse nideoige a chruthú lena n-éascaítear idirghníomhaíocht idir eolaíocht bhunúsach, taighde aistritheach, soláthar seirbhísí cliniciúla agus biteicneolaíocht. Tá spéis ar leith aici i ndiagnóisic mhóilíneach núíosach a fhorbairt, agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis an tionscal chun teicneolaíochtaí núíosacha agus feidhmchláir núíosacha a thabhairt chuig an timpeallacht taighde aistrithigh. Is é atá i gceist lena straitéis taighde ná sláinte agus folláine an duine a fheabhsú trí thaighde aistritheach, agus tá an straitéis bunaithe ar thaighde cliniciúil, dírithe ar an othar, saotharlannbhunaithe agus seirbhís sláinte a bhfuil fadhbanna cliniciúla fíorshaoil colbha leapa agus dúshláin shochaíocha agus dhomhanda sláinte mar bhonn eolais faoi.

Tá sí ina ball de Chomhchoiste Eitice Taighde Ospidéal Thamhlachta/Ospidéal San Séamas. Chomh maith leis sin, bhí sí ar an gCathaoirleach ar an gCoiste um an mBeartas Eitice Taighde de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2019, tar éis di cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste Eitice Taighde Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte ar feadh na 7 mbliana roimhe sin.

Sa bhliain 2016, ceapadh an tOllamh Sheils mar Stiúrthóir bunaidh ar Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide. Is institiúid oideachais agus taighde í sin atá dírithe ar na heolaíochtaí sláinte amháin, agus tá sí leabaithe laistigh den timpeallacht ospidéil ghéarmhíochaine. Tá sí ina Príomhthaighdeoir gníomhach laistigh d’Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide. D’éirigh sí ar an Déan ar Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte sa bhliain 2019.

An tOllamh Neville Cox – arna ainmniú ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – Beathaisnéis le teacht