Athcheapadh chuig an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, TD, tar éis an Dr Paula Kilbane a athcheapadh Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) le héifeacht ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2028.
An Dr Paula Kilbane
Fuair an Dr Paula Kilbane CBE FRCP FFPHM a cuid oiliúna i Londain i míochaine sláinte poiblí agus ina dhiaidh sin bhí poist chomhairleora aici sular fhill sí ar Thuaisceart Éireann i 1986. Tar éis a bheith ina Stiúrthóir Sláinte Poiblí, bhí ina ina POF ar dhá cheann de na Boird Sláinte i dTuaisceart Éireann ó 1993 go 2009.
Tar éis di bogadh go Baile Átha Cliath in 2012, d’fhóin sí ar roinnt Bord sna hearnálacha poiblí, neamhbhrabúis agus príobháideach. Bhí sí ina ball de Bhord HIQA ó 2015 go 2025 agus bhí sí ina ball de Bhord CES (an t-ionad do sheirbhísí éifeachtacha) chomh maith. Faoi láthair tá sí ina ball de Bhord HIQA (a dara téarma) ar a raibh sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Rialála, agus CES - Ionad na Seirbhísí Éifeachtacha.
D’fhóin sí ar roinnt comhlachtaí uile-oileáin agus in earnálacha eile, lena n-áirítear maoiniú Eorpach agus ardoideachas.
I measc a cuid spéiseanna gairmiúla tá rialáil, measúnú riosca, cáilíocht agus sábháilteacht othar, córais faisnéise sláinte agus teicneolaíocht na sláinte agus athdhearadh straitéiseach seirbhísí.
Is céimí de chuid Ollscoil na Banríona í, tá sí ina Comhalta de Choláiste Ríoga na Lianna sa Ríocht Aontaithe agus ina Comhalta de Dhámh na Sláinte Poiblí (an Ríocht Aontaithe agus Éire). Bronnadh CBE uirthi i 2003 as ucht a seirbhísí do shláinte i dTuaisceart Éireann.