AthCheapadh chuig Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh:
- Foilsithe: 1 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2026
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Néill TD., tar éis an tUasal Michael Barry agus an tUasal Brian Keogh a athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh le héifeacht ón 23 Feabhra 2026 go dtí an 22 Feabhra 2031.
An tUasal Michael Barry
Is Cuntasóir Cairte agus Stiúrthóir Cairte é an tUasal Barry agus tá céim Bhaitsiléara Tráchtála aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. D’éirigh sé as a phost i 2019 ó ról Phríomhoifigeach Airgeadais Bhord na Móna PLC, tar éis dó an post sin a shealbhú ar feadh 13 bliana. Bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta Eatramhach ar an gComhlacht i 2017/2018. Roimhe sin bhí roinnt post airgeadais sinsearach ag Michael in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe i raon tionscadal lena n-áirítear Cógaisíocht, Feistí Leighis agus Fáilteachas. Chríochnaigh sé a oiliúint chuntasaíochta le PricewaterhouseCoopers i gCorcaigh.
An tUasal Brian Keogh
Innealtóir Sibhialta Cairte, Innealtóir Eorpach agus Comhalta d’Institiúid na nInnealtóirí in Éirinn is ea An tUasal Keogh (U.C.D. 1972. D’éirigh sé as ó John Sisk & Son Teo i 2012 tar éis 40 bliain seirbhíse sa Tionscal Foirgníochta, tar éis dó fónamh ar an bpríomh-Bhord ó 1990. Le linn a théarma ar an mBord bhí post aige mar Stiúrthóir Innealtóireachta Sibhialta agus Stiúrthóir Sláinte & Sábháilteachta, Bainistíocht Cáilíochta & Comhshaoil. Chlúdaigh a thaithí réimse leathan tionscadal tógála ag dul ó Ionaid Tionscail, Tráchtála, Siopadóirachta, Ospidéil, Cúram Sláinte, Cógaisíochta, Cónaithe, Droichid, Aerfoirt, Stiúideonna Teilifíse, Ostáin, Cuanta, Ionaid Chóireála Dramhaíola, Feirmeacha Gaoithe agus Tolláin, agus go háirithe roinnt mórthionscadal caipitil. D’fhóin sé ar bhord roinnt comhlacht agus comhfhiontar a bhaineann le Sisk agus d’oibrigh sé ar thionscadail in Éirinn, i Sasana, san Albain, sa Bhreatain Bheag, sa Ghearmáin agus sa Pholainn. Tá taithí ag Brian i réimse leathan conarthaí de chineál tógála lena n-áirítear Dearadh agus Tógáil, Bainistíocht Conraitheoireachta, Rannpháirtíocht Luath-Chonraitheora, Comhpháirtíocht Phoiblí agus Phríobháideach agus Uasphraghas Ráthaithe. Bhí sé ina bhall de bhord Chomhfhiontar Dragados Sisk ar feadh cuid mhaith de thollán Crossrail i Londain. Tá Brian ina bhall Boird den Ghníomhaireacht Forbartha Mol Digiteach ó 2016 agus tá sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Maoine freisin. Ó 2017 go 2019 d’fhóin sé mar bhall den Bhord Soláthair den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.