Athcheaptar an tOllamh Patricia Barker agus ceaptar an tUas. John Hennessy chuig Bord Ospidéal Thamhlachta
- Foilsithe: 5 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ar a hainmniú ag Uachtarán an Ospidéil, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta ar feadh tréimhse trí bliana le héifeacht ón 2 Márta 2020:
An tOllamh Patricia Barker
Tá an tOll. Barker ina Comhalta de na Cuntasóirí Cairte in Éirinn agus cháiligh sí sa bhliain 1973. Chuir sí céim MPhil i Staidéar Inscní i gcrích i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Agus a tráchtaireacht PhD á déanamh aici, d’fhorbair sí paraidím um fhaisnéis airgeadais a nochtadh d’fhostaithe in eagraíochtaí. Rinne sí a hairteagail le Stokes Bros. & Pim i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí do Peat Marwick Mitchell i Manchain. Ina dhiaidh sin, chaith sí sé bliana ag obair mar chomhpháirtí i gcleachtadh cuntasaíochta i Manchain agus d’oibrigh sí in Ollscoil Mhanchain mar phríomhléachtóir.
Ceapadh Patricia mar léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1980 agus chuaigh sí ar aghaidh chuig ról an léachtóra shinsearaigh agus an Déin Chomhlaigh (an Scoil Ghnó) agus chuig ról Leas-Uachtarán na hOllscoile (Acadúil). D’oibrigh sí mar ollamh ar cuairt in ollscoileanna i Nua-Eabhrac, i mBostún, in Angers, sa Mhaláiv, in Dares Salaam, in Sydney agus in Cape Town. Anuas air sin, d’oibrigh sí mar scrúdaitheoir seachtrach d’ollscoileanna agus do chomhlachtaí gairmiúla.
Chaith sí fiche bliain ag fónamh mar Chathaoirleach ar Choiste Cuntasaíochta na gCuntasóirí Cairte agus chaith sí ceithre bliana ag fónamh mar chomhalta de Chomhairle na gCuntasóirí Cairte sna 1990í. Chaith sí cúig bliana eile sa ról sin sna 2010í. Chaith sí naoi mbliana ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ar an mBord um Chaighdeáin Chuntasaíochta i Londain agus rinne sí cathaoirleacht ar an sainghrúpa a bhí ag tuairisciú don Aontas Eorpach ar ról, struchtúir agus feidhmeanna Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Chuaigh sí ar chamchuairt dualgais roinnt uaireanta mar Mhaoirseoir Toghcháin d’Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE) sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, in Republica Srpska, san Afraic Theas, sa Chosaiv, sa Chasacstáin, i Montainéagró, sa Mhaláiv agus sa Bhealarúis.
D’oibrigh sí mar Mhonatóir um Chearta an Duine in Iosrael agus sa Phalaistín. Bhí sí ina comhalta de Bhoird na gcomhlachtaí seo a leanas: Cúnamh do Mhná, Cumann Tithíochta Sonas, Cór Aireagail na hÉireann agus an tÚdarás um Ard-Oideachas (áit a ndearna sí cathaoirleacht ar an gCoiste Iniúchóireachta). Chomh maith leis sin, chaith sí trí bliana ag obair mar Chathaoirleach ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.
Tá sí ina Stiúrthóir ar Dublin Bus Ltd. agus ar Ospidéal Thamhlachta, áit a ndéanann sí cathaoirleacht ar a gCoistí Iniúchóireachta. De bhreis air sin, tá sí ar an gCathaoirleach ar an mBord Oideachais de na Cuntasóirí Cairte in Éirinn. Tá sí ar an gCathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca d’Fhoras na Mara. I láthair na huaire, tá sí ag obair go deonach mar chomhairleoir agus mar oiliúnóir d’Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú. Scríobh sí leabhair ar ábhair amhail grúpchuntasaíocht, obair sholúbtha sa ghairm agus, rud ba dhéanaí fós, mná a bhfuil ag éirí leo i ngairm na cuntasaíochta. Scríobh sí leabhair ar rialachas corparáideach agus ar eitic ghairmiúil freisin.
Ar a ainmniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta ar feadh tréimhse trí bliana le héifeacht ón 2 Márta 2020:
An tUas. John Hennessy
D’fhóin John mar Chathaoirleach ar Bhord Ericsson Ireland, ar Bhord an Údaráis um Ard-Oideachas, ar Bhord Killarney Telecommunications Limited, ar Bhord Screen Producers Ireland, ar Bhord roinnt ospidéal géarmhíochaine i mBaile Átha Cliath agus chaith sé breis agus 40 bliain ar obair a dhéanamh sa tionscal teileachumarsáide, áit ar shealbhaigh sé poist idirnáisiúnta shinsearacha in Ericsson, cuideachta teileachumarsáide ilnáisiúnta ón tSualainn.
Bhí John ar an Stiúrthóir Bainistíochta ar Ericsson Ireland idir an bhliain 2003 agus an bhliain 2011 agus bhí sé ina chomhalta boird agus ar an gCathaoirleach idir an bhliain 2003 agus an bhliain 2013. Bhí John ina bhall de roinnt boird chomhairleacha de chuid an Rialtais agus ina chomhalta de bhord rialaithe Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann idir an bhliain 2006 agus an bhliain 2014.
Bhí sé ina chomhalta neamhfheidhmiúcháin boird agus ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2016. Anuas air sin, bhí sé ina Leaschathaoirleach agus ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2019, ina Stiúrthóir ar Ospidéal San Séamas idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2016, ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ghrúpa an Ospidéil do Leanaí idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2016. Chomh maith leis sin, bhí sé ar an gCathaoirleach ar Líonra na Stiúrthóirí Cairte idir an bhliain 2009 agus an bhliain 2012 agus ina chomhairleoir do roinnt cuideachtaí nuathionscanta in Éirinn.
Ar leithligh ón obair sin, bhí John ina Stiúrthóir agus ar an gCathaoirleach ar Killarney Telecoms idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2018 agus ina Stiúrthóir ar Screen Producers Ireland idir an bhliain 2014 agus an bhliain 2017. Sholáthair John Seirbhísí Comhairleachta maidir le Straitéis, Bainistíocht Athruithe agus Rialachas do roinnt comhlachtaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Anuas air sin, d’oibrigh John mar mheantóir do ghnólachtaí nuathionscanta agus, trí GFT Éireann, d’fhochuideachtaí corparáide ilnáisiúnta ó na Stáit Aontaithe atá bunaithe in Éirinn.
Tá John ina innealtóir agus ina chéimí de chuid Choláiste na Tríonóide, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, de chuid Choláiste Teicneolaíochta Shráid Chaoimhín, de chuid Ollscoil Navarra agus de chuid Ollscoil Columbia. Chomh maith leis sin, tá John ina Chomhalta d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus ina Stiúrthóir Cairte.