English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Beirt chomhaltaí ceaptha ar an gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tar éis do na hinstitiúidí oideachasúla agus oiliúna atá aitheanta ag an gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil iad a ainmniú, rinne an tAire Sláinte an tUasal Stephen Donnelly T.D., an tUasal Aidan O’Brien agus an tUasal Dennis Keeley a cheapadh mar chomhaltaí de chuid na Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil. Beidh feidhm ag na ceapacháin seo idir an 24 Lúnasa 2020 agus an 23 Lúnasa 2024.

An tUas Dennis Keeley

Príomhoifigeach Dóiteáin, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Is é Dennis Keeley an Príomhoifigeach Dóiteáin i mBriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Mar Phríomhoifigeach Dóiteáin, tá Dennis i gceannas ar fhoireann ildisciplíneach de bhreis is 1,000 duine a bhfuil freagracht orthu as an gceannaireacht, as an mbainistíocht agus an fhorbairt straitéiseach fhoriomlán i mBriogáid Dóiteáin agus i Seirbhís Otharchairr Bhaile Átha Cliath.

Tá breis is 33 bliana taithí ag Dennis ar a bheith ag obair sa DFB, i raon leathan ról Oibriúcháin agus Bainistíochta sular ceapadh é mar Phríomhoifigeach Dóiteáin. Tá taithí agus eolas fairsing ag Dennis ar an mbainistíocht éigeandála agus ar an mbainistíocht ghéarchéime agus riosca, agus tar éis dó chlár Mháistreachta sa Bhainistíocht Éigeandála a chríochnú thug sé faoi roinnt misin idirnáisiúnta le haonad Tubaiste agus Comhordaithe Éigeandála na Náisiún Aontaithe. Bhí sé ina theagascóir freisin le clár oiliúna an Aontais Eorpaigh de Mheicníochtaí um Chosaint Shibhialta agus bhí ról lárnach aige san obair chun roinnt de na cláir seo a chur ar fáil in Éirinn. Is é Dennis an Cathaoirleach reatha ar an Institiúid Bhainistíochta Éigeandála in Éirinn.

Tá an tUasal Keeley ainmnithe ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Aidan O’Brien

Is ball de Chór Otharcharranna Ord Mhálta le breis is 40 bliain anuas é Aidan O’Brien, agus i rith na mblianta sin bhí róil éagsúla á gcomhlíonadh aige ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Bhí sé ag feidhmiú ag céim Cheannasaí san eagraíocht ar dtús agus anois tá an teideal Stiúrthóir Emeritus bronnta air i ndiaidh dó a théarma mar Stiúrthóir Náisiúnta na heagraíochta a chur i gcrích. Cé gur ról deonach atá ag Aidan, tá sé fostaithe go lánaimseartha sa státseirbhís agus i láthair na huaire tá sé ag feidhmiú mar Phríomhoifigeach agus tá sé freagrach as soláthar seirbhíse faoi cholún an Cheartais Shibhialta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá saineolas aige i bhforbairt bogearraí, bainistíocht tionscadal agus clár agus bainistíocht maoiniú deontais trí úsáid a bhaint as maoiniú státchiste agus Eorpach.

Tá cáilíochtaí éagsúla bronnta ar Aidan lena n-áirítear Dioplóma in Úrbhainistíocht agus BSc agus MSc i mBainistíocht TF. I láthair na huaire, tá sé liostaithe ar chlár na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) ag leibhéal na Paindéime agus tá úsáid leanúnach á baint aige as a cháilíochtaí trína chuid oibre leis an gCór Otharcharranna. Lena chois sin, bhí sé tamall ina bhall d’fhoireann teagaisc Ollscoil Northeastern, Massachusetts, áit a raibh sé ag teagasc ar chláir EMT in Ionad Oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, agus tá teastasú Teagascóra aige agus is scrúdaitheoir PHECC é chomh maith.

Is comhalta de Chumann na hÉireann Ord Mhálta é Aidan faoi láthair, chomh maith le comhalta den Chomhairle agus rúnaí cuideachta le haghaidh na gcuideachtaí carthanais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.

Tá an tUasal O’Brien ainmnithe ag Ord Mhálta na hÉireann, Crois Dhearg na hÉireann agus Otharsheirbhís Naomh Eoin in Éirinn.