Ceapacháin ar an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
- Foilsithe: 26 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 26 Feabhra 2026
Tá síneadh curtha ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD le téarmaí oifige an Dr Jim Kiely agus Martin Higgins mar chomhaltaí den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ón 26 Feabhra 2026 go dtí an 25 Feabhra 2028.
An Dr Jim Kiely
Is céimí de chuid Scoil Leighis UCD é an Dr Jim Kiely. Bhronn RCPI cáilíocht speisialaithe iarchéime sa tSláinte Phoiblí air agus bhronn Ollscoil Luimnigh MBA air. I rith a shaoil ghairmiúil bhí poist éagsúla ag Jim in earnáil na seirbhíse sláinte poiblí, lena n-áirítear sa Roinn Sláinte áit ar chaith sé 11 bhliain ag obair mar Phríomhoifigeach Leighis (CMO).Chomh maith leis sin, chaith sé tamall ag obair mar Chomhairleoir Beartas Sláinte le clár sláinte Chúnamh Éireann.
Le linn dó a bheith ag obair mar CMO, bhí Jim i gceannas ar thoscaireacht na Roinne Sláinte chuig an gComhthionól Sláinte Domhanda roinnt uaireanta agus bhí sé ina bhall de agus freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar Bhuanchoiste Oifig Réigiúnach WHO i gCóbanhávan. Chomh maith leis sin, rinne sé ionadaíocht ar an Roinn ag fóraim sláinte an AE agus Chomhairle na hEorpa. Roimhe seo bhí sé ag obair mar Leaschathaoirleach Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta agus bhí sé páirteach in agus i mbun cathaoirleachta ar roinnt coistí Boird.
Tá an Dr Kiely ainmnithe mar bhall de Bhord HIQA ó 2017 agus bhí sé páirteach i roinnt coistí Boird ansin agus tá sé i mbun cathaoirleachta ar an gCoiste Rialacháin i láthair na huaire.
Martin Higgins
Is é Martin Higgins Leas-Chathaoirleach ar an Institiúid um Shláinte Poiblí uile-oileáin, agus is ball comhairle de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann é.
Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Biaslán, ceann de na comhlachtaí trasteorann a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ar feadh 14 bliana go dtí gur scoir sé. Roimhe sin, d’oibrigh sé sa Roinn Sláinte ar feadh blianta fada ag speisialú san airgeadas, agus ina dhiaidh sin i rialáil na sláinte poiblí.
Is ball boird a bhfuil taithí mór aige é a bhfuil fónamh déanta aige ar bhoird Bhord Leigheasra na hÉireann, Coru, rialtóir gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh, Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus mar chathaoirleach ar bhord an Údaráis Shábháilteachta Bia.
Tá spéis mhór ag Martin i rialachas agus faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar choistí iniúchóireachta agus riosca an tÚdarás Náisiúnta Míchumais agus an Údaráis um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí araon agus is iar-chathaoirleach é ar choiste iniúchóireachta agus riosca ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, ar An mBord Pleanála agus ar an gComhairle Ealaíon araon.