Ceapacháin ar Bhord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na baill ag seo a leanas a cheapadh ar Bhord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.
An tOllamh Francis Butler
Is Ollamh é an tOllamh Francis Butler san Ionad um Shábháilteacht Bia i UCD. Tá sé ina Cheann Ábhair ar an Innealtóireacht Bhithchóras i UCD. Is ar an tsábháilteacht bia atá an taighde príomhúil aige, agus béim ar leith ann ar chórais inrianaitheachta agus ar an measúnú riosca cainníochtúil ar ghuaiseacha micribhitheolaíochta agus ceimiceacha sa bhia.
Comhordaíonn an tOllamh Butler MSc UCD sa tSábháilteacht Bia agus Anailís Riosca. Bhí sé i gceannas ar roinnt measúnuithe riosca cainníochtúla ar bhia miocróbach ar scála mór agus rinne sé roinnt ranníocaíochtaí nua i tréithriú dáiltí miocróbach sa bhia agus i straitéisí samplála núíosacha a fhorbairt le haghaidh ábhar salaithe i mbianna. Faoi láthair tá sé i gceannas ar thionscadail ina mbaintear úsáid as teicnící micribhitheolaíocha móilíneacha chun foinsí agus bealaí tarchuir pataiginí a aithint tríd an mbiashlabhra.
I measc na spéiseanna taighde eile atá aige áirítear sláine an bhiashlabhra agus inrianaitheacht bianna.
D’fhoilsigh an tOllamh Butler níos mó ná 150 foilseachán in irisleabhair measúnaithe, le níos mó ná 100 páipéar measúnaithe in imeachtaí comhdhála idirnáisiúnta agus os cionn 150 cur i láthair comhdhála náisiúnta agus ceardlann eile. Tá sé tar éis comhordú nó comhpháirtíocht a dhéanamh i mbreis agus 30 tionscadal taighde lena n-áirítear ceithre chreat-thionscadal AE.
Tá oiliúint curtha aige ar fhoireann shubstaintiúil taighdeoirí agus scoláirí, lena n-áirítear 20 mac léinn PhD go dtí críochnú agus 13 mac léinn Máistreachta taighde, chomh maith le 14 taighdeoir iardhochtúireachta.
D'fhóin sé ar roinnt cruinnithe saineolaithe FAO / WHO ar Mheasúnú Riosca Micribhitheolaíoch. Sular thosaigh sé ag obair i UCD, d’oibrigh an tOllamh Butler i mbainistíocht táirgeachta i dtionscal déiríochta na hÉireann. Tá an tOllamh Butler ceaptha ón 21 Bealtaine 2019 go dtí an 20 Bealtaine 2024.
An tUas Gerard McCurdy
Tá os cionn 40 bliain den taithí ag an Uasal Gerard McCurdy ag obair i dtimpeallacht rialála agus ag déileáil leis an tsábháilteacht bia, leis an tsláinte phoiblí agus leis an cosaint do thomhaltóirí. Bhain sé cáilíocht amach mar Oifigeach Sláinte Comhshaoil (EHO) in Ollscoil Uladh i 1978 agus lean sé ar aghaidh chun Céim Mháistir Eolaíochta a bhaint amach i 1991.
Bhí roinnt post sinsearach aige sa rialtas áitiúil agus sa rialtas láir. Mar Leas-Phríomh-EHO i dTuaisceart Éireann d’iarr an Roinn Sláinte air an cheannaireacht a ghlacadh chun an Ghníomhaireacht um Chaighdeáin Bia (FSA) a bhunú, roinn rialtais neamh-Aireachta a bhfuil feidhm aici ar fud an RA agus an tÚdarás Lárnach Inniúil maidir leis an tsábháilteacht bia.
Mar Stiúrthóir Thuaisceart Éireann ar an FSA d’fhorbair sé dlúthchaidrimh oibre leis an FSAI agus leis an mBord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia ag forbairt Meabhrán Tuisceana agus ag cur tús le comhthionscadail sa tsábháilteacht bia, san fheasacht ar an mbiam chomh maith leis an mbainistíocht ar mhór-theagmhais bia.
Faoin am ar imigh sé ar scor in 2013, bhí obair déanta ag mar chomhairleoir sábháilteachta bia do FAO na Náisiún Aontaithe agus don Bhanc Domhanda ar thionscadail sa Bhoisnia agus sa Bhanglaidéis. Faoi láthair, tá ceapachán Aireachta aige ar Bhord an Údaráis Rialála agus Feabhsúcháin Cáilíochta agus is é Leas-Phríomh-Choimisinéir Choimisiún Carthanas Thuaisceart Éireann é. Chomh maith le taithí fhairsing a bheith aige sa tsábháilteacht bia, tá taithí Bhoird shuntasach ag Gerry freisin, go háirithe i réimsí na pleanála straitéisí, an rialachais, an iniúchta agus na bainistíochta riosca. Tá an tUasal McCurdy ceaptha ón 21 Bealtaine 2019 go dtí an 20 Bealtaine 2022.
An Dr Cliodhna Foley-Nolan
Is Comhairleoir sa Leigheas Sláinte Poiblí í an Dr Cliodhna Foley-Nolan MB, BCh, BAO, DCH, DObs, MPH, FFPHM. D'oibrigh sí mar Stiúrthóir Sláinte Daonna agus Cothaithe ag Bia Sábháilte (Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia) agus mar Shaineolaí ar Leigheas Sláinte Poiblí san FSS.
Tá céim leighis ag Cliodhna ó COC; céim Mháistir sa tSláinte Poiblí ó UCD, agus tá sí ina comhalta de chuid Dhámh na Sláinte Poiblí i gColáiste Ríoga na Lianna in Éirinn.
Tá post mar léachtóir sinsearach ag an Dr Foley-Nolan i UCC agus is traenálaí agus scrúdaitheoir í i gColáiste Ríoga na Lianna in Éirinn. D’fhóin sí ar roinnt grúpaí comhairleacha náisiúnta lena n-áirítear an Grúpa Comhairleach Náisiúnta SEIF, Eitinn, Sláinte Inimircigh, Bochtaineacht Bia agus Friotaíocht Frithmhiocróbach.
D’fhóin sí ar bhoird Chomhairle Tréidliachta na hÉireann, Grúpaí Beartais Murtall i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann, Dámh an Leighis Sláinte Poiblí i gColáiste Ríoga na Lianna agus Ionad an Bhoird Taighde Heath um Aiste Bia agus Sláinte. Tá an Dr. Foley-Nolan ceaptha ón 7 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2022.