Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin Oibrithe Sóisialta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin Oibrithe Sóisialta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2020

Tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, mar chomhaltaí den Bhord Clárúcháin Oibrithe Sóisialta, ar a dtoghadh ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 10 Lúnasa 2020 go dtí an 4 Lúnasa 2024:

Patricia Sheridan Uasal

Faoi láthair tá Patricia Sheridan ina Oibrí Sóisialta um Measúnú Altramais le TUSLA - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is éard atá i gceist lena cuid oibre earcú, oiliúint agus measúnú a dhéanamh ar chúramóirí altrama ginearálta agus iarratasóirí cúraim altrama le gaolta. Cuimsíonn an ról seo leibhéal monatóireachta, measúnaithe riosca, maoirseachta agus tacaíochta do chúramóirí altrama agus a dteaghlaigh chun a chinntiú go soláthraítear socrúcháin shábháilte agus éifeachtacha do leanaí faoi chúram mar a éilítear faoin Acht um Chúram Leanaí 1991 agus faoi Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995.

Tá taithí fhairsing ag Patricia ar dhea-chleachtas a chur i bhfeidhm mar atá mínithe faoi na Caighdeáin Náisiúnta um Chúram Altrama. Tá taithí oibre sóisialta aici roimhe seo i réimsí an mhíchumais agus cosanta leanaí.

Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í agus tá Céim Bhaitsiléara sa Staidéar Sóisialta aici. Ina theannta sin, bhí baint aici le forbairt beartais áitiúil laistigh den tseirbhís altrama. Is oideachasóir cleachtais í Patricia agus chuir sí meantóireacht, maoirseacht, tacaíocht agus socrúcháin cleachtais ar fáil do mhic léinn oibre sóisialta.

Tuigeann Patricia go bhfuil gá le cleachtóirí ar an talamh a bheith bainteach le clárú agus maoirseacht na gairme d’fhonn eolas, foghlaim agus caighdeáin chleachtais a fheabhsú.

Yvonne Lennox Uasal

Tá na cáilíochtaí seo a leanas ag Yvonne Lennox - Baitsiléir Eolaíochta i mBeartas Sóisialta, Máistir Eolaíochta Sóisialta in Obair Shóisialta agus Dioplóma Iarchéime i dTeagasc Cleachtais, Maoirseacht agus Bainistíocht. D’fhóin sí mar Oifigeach Promhaidh ó 2001, sa ról seo déanann sí measúnuithe ar riosca den chuid is mó agus déanann sí maoirseacht ar chiontóirí a chuirtear ar orduithe cúirte.

Ina theannta sin, bhí baint ghníomhach aici le forbairtí cleachtais agus beartais sa tSeirbhís Promhaidh trína fónamh ar ghrúpaí oibre, tionscadail a phíolótú go gníomhach agus trína ról mar Leas-Chathaoirleach ar Bhrainse Aontas na Seirbhíse Promhaidh ó 2014 go 2016.

Is oideachasóir cleachtais í freisin, tar éis socrúcháin oibre sóisialta a sholáthar do mhic léinn Máistreachta in Obair Shóisialta agus bhí sí mar aoi-léachtóir ar an gClár Máistir in Obair Shóisialta. Is ball gníomhach í i gCumann Oibre Sóisialta na Breataine (BASW) agus i gCumann na hÉireann um Oibrithe Sóisialta (IASW). Tá paisean aici faoi láthair i bhforbairt ghairmiúil leanúnach ghairm na hoibre sóisialta, i gcleachtas agus i mbeartas oibre sóisialta chun cuidiú le tionchar dearfach agus rannchuidiú ghairm na hoibre sóisialta a neartú agus aird a tharraingt air.

Adrienne Mary Byrne Uasal

Beathaisnéis le teacht

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat