Ceapacháin chuig Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
- Foilsithe: 19 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. tar éis na baill seo a leanas a cheapadh chuig Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
Áine Lynch
Is altra ginearálta cláraithe í Áine Lynch le breis agus 33 bliain agus chaith sí a gairm go príomha i suíomh na n-ospidéal géarmhíochaine i mBaile Átha Cliath tar éis roinnt blianta sa Ríocht Aontaithe agus san Araib Shádach.
Ó 1998 bhí roinnt ról aici in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta (TUH) lena n-áiritíear Bainisteoir Altraí Cliniciúla 2 i Tráma Ortaipéidice, Éascaitheoir Cliniciúil in Altranas Ortaipéidice, Comhairleoir Forbartha Cleachtais Altraí CNM 3 agus Stiúrthóir Cúnta Altranais, Roinn Forbartha Cleachtais Altranais.
I 2016 bhog sí go TUH go dtí an tAonad Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais (NMPDU) Baile Átha Cliath Theas, Cill Dara agus Cill Mhantáin áit ar oibrigh sí ar dtús mar Oifigeach Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais agus níos déanaí bhí ról aici mar Stiúrthóir Eatramhach.
D’fhill Áine ar TUH i mí Aibreáin 2017 mar Stiúrthóir Altranais. Mar aon le bheith i gceannas ar an seirbhís altranais le níos mó ná 1,000 Altraí Cláraithe agus Cúntóir Cúraim Sláinte, tá sí ina ceannaire feidhmiúcháin don Seirbhís Chomhairle agus Idirchaidrimh Othar, don Roinn Tréadchúraim, Cúram Deireadh Saoil, agus don fhoireann Ealaíon agus Sláinte. Feidhmíonn sí mar cheannaire feidhmiúcháin don Chomhairle Chomhairleach Othar agus Pobail agus ghlac sí ról mar Cheannaire Cúraim Chomhtháite Feidhmiúcháin i mí na Samhna 2020.
Go luath ina gairm chríochnaigh Áine clár Altranais Ortaipéidice 2019 de chuid Bord Altranais Shasana, Baitsiléir Eolaíochta Altranais (TCD) agus Máistreacht san Oideachas agus Oiliúint (DCU). I 2019, chríochnaigh sí Dioplóma i bhForbairt Ceannaireachta i Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, UCD. Faoi láthair tá sí ag tabhairt faoi chlár Ceannaireachta Feidhmiúcháin do Stiúrthóirí Altranais agus Cnáimhseachais tríd an Ionad Ceannaireachta Náisiúnta Altranais agus Cnáimhseachais, ONMSD, agus Institiúid Ceannaireachta an RSCI. Tá post aici mar Ollamh Comhlach Taca i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’ainmnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Áine Lynch agus cheap an tAire Sláinte í ar Bhord Altranais agus Cnáimseachais na hÉireann. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Cyril Sullivan
Is cuntasóir cáilithe é an Dochtúir Sullivan (FCCA/ACMA) a bhfuil taithí os cionn 30 bliain aige sa ghairm. Bhí roinnt post feidhmiúcháin sinsearaí aige san earnáil phoiblí lena n-áirítear leis an Institiúid Riaracháin Phoiblí (IPA), An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG). Faoi láthair tá an Dochtúir Sullivan ina Stiúrthóir/Príomhoifigeach ar Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC) na hÉireann. Tá a chuid taithí agus saineolais i réimsí an rialachais, na straitéise, gnóthaí corparáideacha, bainistíochta airgeadais, iniúchta agus riosca.
Bhí roinnt ainmniúchán Stáit ag an Dochtúir Sullivan lena n-áirítear a bheith ina bhall de Choistí Iniúchóireachta na Roinne Sláinte, na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus na Roinne Turasóireachta agus Spóirt. Athcheapadh é le déanaí chun a dhara théarma mar bhall de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, agus mar bhall de Choiste Airgeadais, Iniúchta agus Riosca an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tá an dara téarma díreach críochnaithe ag an Dochtúir Sullivan mar Chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca An Garda Siochana.
Chomh maith le bheith ina chuntasóir cáilithe, tá B.Sc in Eolaíocht Ríomhaireachta (TCD), M (Eacnamaíocht) Sc i Staidéar Beartais (TCD), MBA (Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, UCD) agus Dochtúireacht sa Rialachas (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste). Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), d’ainmnigh agus cheap an tAire Sláinte Cyril Sullivan ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2026.
Conan McKenna
Faoi láthair tá an Dochtúir Conan McKennaina ina chomhairleoir bainistíochta páirtaimseartha agus ina léachtóir comhlach ar Acmhainní Daonna, Iompar Eagraíochta agus Eagrú agus Straitéis san Institiúid Riaracháin Phoiblí.
Mar iarfhostaí sinsearach sa tseirbhís phoiblí, tá taithí fhairsing ag an Dochtúir McKenna ar fud eagraíochtaí iomadúla san earnáil phoiblí, thar daichead bliain, i réimsí an rialachais agus na bainistíochta athraithe, an bheartais phoiblí agus na reachtaíochta (i rialáil, athchóiriú an dlí neamh-choiriúil agus athchóirithe sóisialta) agus i gceannaireacht shinsearach AD, Airgeadais agus TFC. I measc a chuid éachtaí acadúla/gairmiúla tá Dochtúireacht sa Rialachas, Máistreacht sa Bhainistíocht (Iompar Eagraíochta/AD) agus is Abhcóide cáilithe é. Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), d’ainmnigh agus cheap an tAire Sláinte Conan McKenna ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2026.
Anne Marie Duffy
Suíonn Anne Marie mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar an gcomhlacht rialála ‘Qualifications Wales’.
Is saineolaí neamhspleách í ar churaclam agus ar mheasúnú agus tá sí rannpháirteach i réimse tionscadal curaclaim áitiúil agus laistigh de bhallstáit na hEorpa.
Bhí ról ag Anne Marie mar Stiúrthóir Cáilíochtaí agus Oifigeach Freagrach laistigh den CCEA (An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnachta) ag stiúradh dearadh, feidhmiú agus grádú scrúduithe poiblí. Stiúraigh sí agus bhí sí i gceannas ar chlár claochlaithe digití CCEA agus imscrúduithe ar mhíchleachtais.
Rinne sí ionadaíocht ar CCEA ar Fhóram Príomhfheidhmeannaigh na Comhchomhairle um Cháilíochtaí (RA) agus bhí ról aici mar Chathaoirleach Neamhfheidhmiúcháin ar Chomhairle Rialachais Cáilíochtaí NEBOSH (An Comhlacht Scrúduithe Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde).
Leanann sí ag fónamh mar Chathaoirleach ar Choiste Curaclaim ar Bhord Gobharnóirí scoil mhór i lár chathair Bhéal Feirste agus fónann sí ar fhorais rialaithe roinnt carthanas. Tá céim Mháistreachta ag Anne Marie i nDearadh agus Forbairt Curaclaim, is alumnas de Common Purpose í agus Ceannaireacht na mBan d’Fhóram an Phríomhfheidhmeannaigh. Ceapadh í mar OBE i 2017 le haghaidh Seirbhísí don Oideachas. Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), d’ainmnigh agus cheap an tAire Sláinte Anne Marie Duffy ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2026.
Joseph Shalbin Kallarakkal
Is Altra Ginearálta Cláraithe é an tUasal Joseph Kallarakkal agus tá taithí cúig bliana aige ar roinn riaracháin ospidéal neamhspleách a bhainistiú. I láthair na huaire, tá an tUasal Kallarakkal ag feidhmiú mar leaschathaoirleach i Rannóg Idirnáisiúnta INMO. In 2019, threoraigh an tUasal Kallarakkal feachtas arb é an toradh a bhí air gur leasaigh Rialtas na hÉireann an riail a bhain le ceadanna Oibre Scileanna Criticiúla d’altraí ó thar lear.
Seachas cáilíochtaí san Altranas Ginearálta i gCnáimhseachas, tá Céim Baitsiléara Tráchtála agus MBA i mBainistíocht Seirbhíse Sláinte ag an Uasal Kallarakkal.
Tá dea-theist ar an Uasal Kallarakkal i gcomhthéacs na bainistíochta ardleibhéil, lena n-áirítear rannpháirtíocht ghníomhach i gcinnteoireacht chriticiúil. Is é an aidhm atá aige an próiseas clárúcháin a shimpliú d’altraí agus do chnáimhseacha cáilithe, agus caighdeán an altranais agus an chnáimhseachais in Éirinn a fheabhsú trí sholáthar foirne sábháilte agus bearta eile. Ainmníodh Joseph Shalbin Kallarakkal trí Thoghchán agus cheap an tAire Sláinte ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann é. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Marian Vaughan
Is Altra Cláraithe í Marian Vaughan, Uasal, agus tá 32 bliain taithí altranais aici, lena n-áirítear 27 bliain taithí ar altranais leanaí. Tá taithí aici ar a bheith ag obair in aonad cairdeolaíochta na naíonán sa Nua-Shéalainn agus in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, tá taithí aici ar a bheith ag obair in Aonad Dianchúraim Leanaí Nuabheirthe, agus tá 10 mbliana caite aici ag obair mar Éascaitheoir Altra Chliniciúil i Sláinte Leanaí Éireann (CHI) in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. I láthair na huaire, tá Marian ag obair mar Chomhordaitheoir Socrúcháin Chliniciúil i CHI i gCromghlinn.
Áirítear i measc na hoibre atá déanta ag Marian i réimse an taighde altranais ballraíocht 15 bhliain i gCoistí Oideachais Cleachtas Altranais & Oideachas Altranais, ceannaire tionscadail i dtionscnamh a bhí mar bhonn le forbairt Clár Meastóireachta Caighdeánaithe Tras-Ospidéil do Mhic Léinn, agus taithí ar a bheith ag feidhmiú mar altra taighde le haghaidh dhá staidéar a rinneadh mar chuid de chomhpháirtíocht acadúil-chliniciúil de chuid UCD. Seachas cáilíocht san Altranas Ginearálta agus san Altranas Leanaí, tá Dioplóma i gCógaseolaíocht agus Céim Baitsiléara i Staidéar Altranais ag Marian.
Le breis is 30 bliain taithí, bhí ról gníomhach ag Marian i bhforbairt go leor tionscnamh cáilíochta agus sábháilteachta do chleachtas altranas leanaí. Is ball í de roinnt coistí comhpháirtíochta acadúla-cliniciúla agus chomh maith leis sin comhoibríonn sí lena comhghleacaithe i CHI agus lena comhghleacaithe náisiúnta. Ainmníodh Marian trí Thoghchán agus cheap an tAire Sláinte ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann í. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Louise Collins
Is Stiúrthóir Seirbhísí Cliniciúla (Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh) in Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir í Louise Collins. Tá sí ina ball den fhoireann bainistíochta feidhmiúcháin in Ospidéal Uí Chonghaile ó bhí 2013 ann, agus d’oibrigh sí roimhe sin mar Bhainisteoir Teiripe Urlabhra agus Teanga.
Bhain sí cáilíocht amach mar theiripeoir urlabhra agus teanga ó Choláiste na hOllscoile, Londain in 1992 agus d’oibrigh sí sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte go dtí gur fhill sí ar Éirinn sa bhliain 2000. D’oibrigh sí ar fud na seirbhísí géarchúraim agus seirbhísí pobail, agus tá speisialtóireacht cliniciúla aici sna réimsí seo a leanas: cúram an duine bhreacaosta, stróc agus meabhairshláinte.
I measc a cáilíochtaí acadúla, tá Dioplóma sa Cheannaireacht agus Cáilíocht sa Chúram Sláinte ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann; Ard-Dioplóma sa Chóitseáil Feidhmiúcháin agus cáiliúchán iarchéime sa Cheannaireacht Feidhmiúcháin um Chúram Sláinte ó Acadamh Ceannaireachta na Seirbhíse Sláinte.
Faoi láthair, tá sí ina Cathaoirleach ar Bhord Oideachais Chumann Teiripeoirí Urlabhra & Teanga na hÉireann. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Siobhan McArdle
Tá Siobhán Mc Ardle ina Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi láthair agus freagracht uirthi as Oibríochtaí Cúram Príomhúil. Tá ról sinsearach ceannaireachta aici maidir le dearadh oibríochtúil agus soláthar seirbhísí nua Covid-19 ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta mar chuid de fhreagairt FSS ar an bpaindéim. Is comhalta den Ghrúpa Oibre don Tascfhórsa Ardleibhéil i leith vacsaínithe Covid-19 freisin í.
Is Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cáilithe í agus tá beagnach 30 bliain caite aici ag obair i réimse seirbhísí cúraim sláinte áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta i róil chliniciúla, bainistíochta agus ceannaireachta. Ina cáil mar ardbhainisteoir cúraim sláinte, tá sé léirithe aici arís is arís eile go gcomhoibríonn sí ar bhonn straitéiseach le daoine eile agus go ndéanann sí naisc ar fud an chórais sláinte go ginearálta, ar fud ranna rialtais agus ar fud gníomhaireachtaí seachtracha, chun feabhsúcháin ó thaobh seachadadh seirbhíse de a éascú agus a chumasú.
Anuas ar a hoiliúint chliniciúil, tá M.Phil agus cáilíochtaí iarchéime sa rialachas corparáideach agus i gcúrsaí ceannaireachta bainte amach aici freisin. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Athcheapadh
Louise Kavanagh McBride
Bainisteoir acadúil, Ceann na Roinne Staidéar Altranais agus Sláinte, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Leas-Uachtarán Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
Is altra ginearálta cláraithe agus teagascóir í an Dr Louise Kavanagh McBride agus tá sí ina Leas-Uachtarán faoi láthair ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
Tá sí fostaithe mar bhainisteoir acadúil, Ceann na Roinne Staidéar Altranais agus Sláinte, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall, áit a ndéanann sí staidéar fochéime & iarchéime a stiúradh, a bhainistiú agus a chomhordú. I measc na gclár éagsúla, tá Altranais Ríomhchlárúcháin: B. Sc i gCláir um Altranas Ginearálta, Altranas Meabhairshláinte agus Altranas Míchumas Intleachtúil (leibhéal 8); Staidéar sa Chúram Sláinte: BSc. (Gnáthleibhéal & Onórach) i gCúram Leanaí sna Luathbhlianta, Eolaíocht Sláinte & Sóisialta; cláir altranais iarchlárúcháin ar bhonn páirtaimseartha; Céimeanna breisithe san altranas; MSC agus cláir ghaolmhara speisialtóireachta um fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus oiliúint in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Co. Dhún an nGall. Tar éis 20 bliain a chaitheamh ag obair in earnáil an Ardoideachais , tá eolas agus tuiscint fhorleathan aici ar chastachtaí
Lorraine Clarke-Bishop
Tá Lorraine Clarke-Bishop, Uasal, ag obair mar Chomhordaitheoir Socrúcháin Chliniciúil do Ghrúpa Ospidéil RCSI i gCo. Lú, post a chuimsíonn Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha agus Ospidéal Chontae Lú, Dún Dealgan, agus is Léachtóir Altranais í in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan. Tá taithí aici ar a bheith ag obair mar altra i SAM agus san Araib Shádach.
Seachas céim san altranas, tá cúrsa Ardoideachais san Altranas Aosaigh, Céim Máistir in Eitic agus Dlí an Chúraim Sláinte agus Teastas Gairmiúil i Rialachas bronnta ar Lorraine.
Tá Lorraine ag feidhmiú mar bhall de Bhord NMBI ó 2015. Tá iarracht déanta aici i gcónaí dearcadh an altra agus na cnáimhsí a chur san áireamh in obair an bhoird – bunaithe ar a taithí mar altra lánaimseartha agus mar Chomhordaitheoir Socrúcháin Chliniciúil agus speisialtóir oideachais. Áirítear i measc na dtionscadal a bhfuil baint aici leo digitiú NMBI, scéim inniúlachta gairmiúla a fhorbairt dár ngairmeacha, agus an cód iompair ghairmiúil a nuashonrú. Glacann sí leis gurb é an ról atá aici ní hamháin gairmeacha an altranais agus an chnáimhseachais a chosaint, ach a taithí saoil féin agus a tuiscint féin ar altranais agus ar chnáimhseachas a chur san áireamh ina ról mar bhall den Bhord. Ainmníodh Lorraine Clarke-Bishop trí Thoghchán agus cheap an tAire Sláinte ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann í.
Is í tréimhse an cheapacháin seo an 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.
Laura J.Sahm
Is Léachtóir Sinsearach sa Chógaisíocht Chliniciúil agus Stiúrthóir an Chláir Mpharm í an Dr Laura Sahm. Is ball tuata de Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann í Laura ó bhí 2018 ann, agus tugann sí seirbhís ar an gCoiste um Oideachas, Oiliúint agus Caighdeáin agus ar an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh freisin.
Bronnadh B.Sc. Pharm (Onórach) ó Ollscoil Brighton ar an Dr Sahm, chomh maith le scoláireacht ó Chumann Ríoga Cógaiseoirí na Breataine Móire (RPSGB) chun tabhairt faoi staidéar iarchéime i nGrád 5A* Rannóg na Cógaisíochta agus Cógaseolaíochta, Ollscoil Bath. Bhain an Dr Sahm Ph.D. amach sa Chógaisíocht (Soláthar suíomhoiriúnaithe an chógais meititreacsáit go meileanóma) in 1995. Bhog sí go dtí an Ghearmáin in 1996, áit ar oibrigh sí i réimse na cógaisíochta pobail, agus sa tionscal cógaisíochta (Takeda GmbH) freisin. In 2003, nuair a tháinig sí ar ais ón nGearmáin, d’oibrigh Laura mar chógaiseoir cliniciúil sinsearach in Ospidéal Bon Secour, Corcaigh sula ndeachaigh sí ag obair mar chuid d’fhoireann Scoil na Cógaisíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Dheireadh Fómhair 2005. Suas go dtí 2015, d’oibrigh sí idir Scoil na Cógaisíochta agus Ospidéal Ollscoile na Trócaire mar chógaiseoir taighde Comhairleach ar thionscadail taighde idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ospidéal Ollscoile na Trócaire. Tá breis agus 60 alt a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu foilsithe aici in irisí agus tá maoiniú taighde de bhreis ar €1.6 milliún ginte aici. Rinne sí maoirseacht freisin ar 8 mac léinn PhD agus 36 mac léinn MSc go dáta. Tá an ceapachán ón 21 Eanáir 2021 go dtí an 14 Eanáir 2025.