Ceapacháin chuig Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
- Foilsithe: 14 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh ina gcomhaltaí ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann ó 21 Feabhra 2021 go dtí 14 Eanáir 2025.
Thomas Glynn
Faoi láthair, tá Thomas ag obair mar Chomhordaitheoir Forbartha an Chleachtais Altranais sa tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS). Tá taithí fhairsing ag Thomas ar fhorbairt beartas agus ar chaighdeáin a leagan síos sa tseirbhís cúraim sláinte. D'oibrigh sé ar chláir fhochéime ar féidir clárúchán ar Chlár na nAltraí agus na gCnáimhseach a ghnóthú as, chomh maith le cláir iarchláraithe ar féidir clárúchán ar rannáin eile den chlár ó thaobh na cliniciúla de a ghnóthú as. Trí fhoghlaim ó chleachtas, leagtar béim ar chultúr agus ar chomhthéacs an chúraim a athrú ó bhonn trí chur chuige córasach, meastóireacht leanúnach, forbairt, cur i bhfeidhm agus monatóireacht ar chleachtas altranais i dtaca le cúraim othar a sholáthar. D'oibrigh Thomas roimhe seo san Aonad Pleanála agus Forbartha Altranais & Cnáimhseachais (NMPDU) i mBaile Átha Cliath Thuaidh, áit a raibh baint aige le roinnt tionscadal Náisiúnta agus Réigiúnach lena n-áirítear Méadracht Cúraim Ardchaighdeáin. Tá suim mhór ag Thomas i gClaochlú Digiteach na Sláinte agus bhí sé ina bhall den Ghrúpa Náisiúnta Altranais agus Cnáimhseachais um Fhreagairt Dhigiteach ar COVID-19 le linn dó a bheith ag obair in NMPDU. I measc a réimsí spéise eile tá idirghabhálacha síceasóisialta agus táscairí feidhmíochta caighdeánaithe a dhíríonn ar shonraí toraidh seirbhíse.
Comhthoghtar Thomas Glynn ar an mbord tar éis do chomhalta tofa éirí as.
Richard Bruton, Uas.
Tá os cionn 20 bliain de thaithí bainistíochta sinsearaí ag Richard Bruton i seirbhísí sláinte na hÉireann. Le linn an ama seo bhí sé ina bhall d'fhoireann bainistíochta Ospidéal San Séamas agus é mar bhainisteoir ginearálta inar ghlac sé freagracht as gach seirbhís neamh-chliniciúil san ospidéal, agus Ceann an tSoláthair in iar-Bhord Sláinte an Oirthuaiscirt. Is é an taithí is déanaí atá ag Richard ná creatlacha rialachais a fhorbairt i réimse an oideachais leighis agus na hoiliúna leighis agus rialáil post comhairleach. Tá Baitsiléir Tráchtála aige ó COBÁC agus MSc ó OCBÁC agus tá Clár Ceannaireachta Sláinte Eorpach INSEAD curtha i gcrích aige chomh maith le Clár Cúraim Ceannaireachta 1 de chuid Acadamh Ceannaireachta FSS.
Ceaptar Richard Bruton chuig an mBord tar éis ainmniúchán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
An Dochtúir Don Faller
Faoi láthair is é an Dochtúir Don Faller Déan Dhámh na hEolaíochta agus na Sláinte in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (TUS). Chuir sé tús lena ghairm acadúil mar léachtóir le Cógaseolaíocht agus Bithcheimic i 1993 tar éis dó bliain de thaighde iardhochtúireachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a chríochnú. Ina ról reatha mar Dhéan na Dáimhe bíonn sé ag gníomhú mar cheannaire ar bhainistiú dearbhaithe cáilíochta, forbairt agus dearadh clár agus measúnú ar réimse leathan clár acadúil ó leibhéil NFQ 6 go 10, lena n-áirítear BSc (Onór.) TUS san Altranas Ginearálta agus BSc (Onór.) san Altranas Meabhairshláinte.
Chomh maith leis sin, tá freagracht fhoriomlán aige as bainistiú agus dearbhú cáilíochta chláir iarchéime de chuid Roinn Altranais agus Cúraim Sláinte TUS, idir chláir a mhúintear agus chláir taighde araon. Tá baint ag an Dochtúir Faller le forbairt Roinn Altranais TUS ó cuireadh tús leis na cláir altranais sa bhliain 1998. Bhí sé ina Cheann eatramhach ar an Roinn Altranais idir 1998 agus 1999 chun na próisis agus na struchtúir acadúla a chur i bhfeidhm a bhí riachtanach chun mic léinn Altranais fochéime a ghlacadh ón tús. Tá sé ina chathaoirleach ar Chomhghrúpa Oibre Áitiúil TUS ó 2014 i leith. Bunaíodh an grúpa seo chun monatóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar phróisis chomhpháirtíochta idir láithreáin chliniciúla atá faofa ag FSS agus TUS. Tá taithí fhairsing aige ar dhearadh agus ar fhorbairt clár acadúil ó NFQ Leibhéal 6 go 10 agus ghlac sé páirt i líon mór painéal bailíochtaithe agus athbhailíochtaithe seachtrach do chláir acadúla fochéime agus iarchéime, agus é ag obair mar chathaoirleach agus mar bhall painéil d'Institiúidí Ardoideachais phoiblí agus príobháideacha araon. Mar chuid dá ról mar Dhéan na Dáimhe, chuaigh sé i dteagmháil le réimse comhlachtaí creidiúnaithe, lena n-áirítear Comhairle Tréidliachta na hÉireann, Cumann Síceolaíochta na hÉireann, CORU, Teiripe Lúthchleasaíochta agus Athshlánúcháin na hÉireann agus Comhairle Fiaclóireachta na hÉireann. Ina theannta sin, rinne sé maoirseacht ar chreidiúnú agus ar athchreidiúnú rathúil na gclár TUS seo a leanas: BSc san Altranas Tréidliachta, BSc (Onór.) sa tSíceolaíocht Fheidhmeach, BSc (Onór.) sa Teiripe Lúthchleasaíochta agus Athshlánúcháin agus Ardteastas san Altranas Fiaclóireachta.
Ceaptar an Dochtúir Don Faller chuig an mBord tar éis ainmniúchán an Aire Oideachais.