Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na Radagrafaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ag teacht sna sála ar a dtoghadh ag cláraithe de chuid na gairme, rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., na daoine seo a leanas a cheapadh/athcheapadh mar chomhaltaí gairmiúla Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe le héifeacht ón 29 Márta 2022 go dtí an 28 Feabhra 2026:

Claire Hogan Uas.

As Co. Luimnigh ó dhúchas, cháiligh Claire Hogan le céim sa Radagrafaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) i 1995 sular thosaigh sí ar a gairm bheatha in Éirinn. Ag obair mar radagrafaí in ospidéil an Mater agus Beaumont i mBaile Átha Cliath, bhog Claire go Corcaigh ansin i 2000. D’oibrigh sí ar feadh 17 mbliana in ospidéal mór teagaisc eile, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (CUH). I mí Dheireadh Fómhair 2018, bhog sí isteach san earnáil phríobháideach agus thosaigh sí ag obair do Medica Éireann i gCorcaigh, áit a bhfuil sí fostaithe faoi láthair. Tá Claire ina ball de Bhord Clárúcháin Radagrafaithe CORU le ceithre bliana anuas agus tá sí paiseanta faoi ardchaighdeáin a chothabháil laistigh den chleachtas ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Agus suim mhór aici i FGL, bhí baint ag Claire le teimpléad samplach a chruthú a úsáidtear go forleathan mar threoirdhoiciméad do radagrafaithe. Le bliain anuas tá Claire mar ionadaí freisin ar Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe ar Chomhairle CORU a bhfuil baint acu le saincheisteanna Rialachais Chorparáidigh agus Oiriúnachta chun Cleachtadh (FTP) do na gairmeacha go léir arna rialú ag CORU. Tá taithí ollmhór faighte ag Claire sa ról seo agus tá súil aici leanúint leis an taithí luachmhar seo a úsáid chun an pobal a chosaint chomh maith le próisis a fheabhsú do radagrafaithe agus teiripeoirí radaíochta in Éirinn.

An Dochtúir Michelle Leech

Is Ollamh Comhlach í an Dochtúir Leech ag Disciplín na Teiripe Radaíochta, Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Stiúrann an Dochtúir Leech an BSc. Teiripe Radaíochta i gColáiste na Tríonóide. Laistigh den Chumann Eorpach um Radaiteiripe agus Oinceolaíocht (ESTRO) tá sí ina Cathaoirleach ar Fhoghlaim Chumaisc agus suíonn sí ar an gComhairle Eolaíoch agus Oideachais araon. Tá sí ina Príomheagarthóir ar Iris ESTRO Nuálaíochtaí Teicniúla agus Tacaíocht Othar san Oinceolaíocht Radaíochta. Cuidíonn an Dochtúir Leech freisin le gníomhaíochtaí domhanda na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA), go háirithe in oideachas Teiripeoirí Radaíochta. I 2020, bronnadh gradam Emmanuel van der Schueren ar an Dochtúir Leech mar aitheantas ar shárobair eolaíoch, ar chúnamh ollmhór laistigh de ESTRO i réimse an oideachais agus cur chun cinn na hoinceolaíochta radaíochta mar dhisciplín.

An tUasal Eddie Conran

Faoi láthair tá Eddie Conran ag obair mar Bhainisteoir Seirbhísí Radagrafaíochta in Ospidéal na hOllscoile, Maigh Eo, cuid den Ghrúpa Ospidéal Saolta. Tá taithí chliniciúil roimhe seo aige agus tá cáilíochtaí iarchéime aige in MRI agus san ultrafhuaim. D’oibrigh Eddie ar fud na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí in Éirinn, i Sasana agus san Astráil. Tá spéis ar leith aige i leathnú na seirbhísí raideolaíochta pobalbhunaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat