English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na Síceolaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tar éis na daoine seo a leanas a athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na Síceolaithe le héifeacht ón 21 Iúil 2021 go 20 Iúil 2025:

Joan Fitzgerald Uas.

Chuaigh Joan Fitzgerald ar scor i 2012 tar éis gairme fada sa tionscal cógaisíochta áit ar shroich sí leibhéal feidhmiúcháin sna Stáit Aontaithe. Sna 3 bliana tar éis di dul ar scor go luath d’oibrigh sí mar chomhairleoir neamhspleách le roinnt comhlachtaí cógaisíochta san Eoraip sular fhill sí ar an saol acadúil áit a bhfuil a PhD sa Ghéanomaíocht Chognaíoch á dhéanamh aici in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Fuair Joan BSc (Onóracha) i Micribhitheolaíocht ó UCD i 1976. Ina gairm proifisiúnta, d’fhóin sí i roinnt post le Allergan Inc. ó 1978 go 2012, ag fáil ardú céime mar Leas-Uachtarán an chomhlachta i 2008. Sa ról seo, bhí sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhm Tháirgí Bithchógais QA ar fud an domhain. I measc na bpost níos luaithe le Allergan bhí Stiúrthóir Dearbhaithe Cáilíochta, Saoráid Botox, Bainisteoir Tionscadail - Saoráid Pharma, agus Maoirseoir Micribhitheolaíochta. D’oibrigh sí roimhe sin freisin le comhlachtaí cógaisíochta eile, lena n-áirítear Saotharlanna Travenol Teo. agus Ceimiceáin Bimeda.

Kathleen Vickers Uas.

Tá Kathleen Vickers ag obair i gcúram sóisialta le blianta fada, ag dul ar aghaidh ó sholáthar cúraim dhíreach go bainistíocht shinsearach. Tá sí féinfhostaithe faoi láthair ag soláthar eolais, comhairle agus tacaíochta do ghníomhaireachtaí maidir le bainistíocht daoine, bainistíocht athraithe, meastóireachtaí agus athbhreithnithe agus forbairt beartais. Is imscrúdaitheoir creidiúnaithe san ionad oibre í freisin.

Ina céad ról bainistíochta i gComhairle Náisiúnta na nDall (NCBI), bhí an eagraíocht ag bogadh ó mhúnla seirbhíse carthanais traidisiúnta go samhail seirbhíse gairmiúil, duinelárnach agus éifeachtach. Mar chomhalta den bhfoireann bainistíochta náisiúnta, bhí baint aici leis an bpróiseas straitéiseach ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, ag cinntiú rannpháirtíocht agus cumarsáid éifeachtach leis na páirtithe leasmhara go léir.

I 2009, ghlac Kathleen ról bainistíochta sinsearaí le Cheshire Éireann. Mar chomhalta den bhfoireann bainistíochta sinsearaí, bhí baint aici le forbairt straitéise agus beartais. Thug an t-aistriú ó sheirbhísí institiúideacha traidisiúnta go seirbhísí aonair pobalbhunaithe agus timpeallacht rialála atá ag teacht chun cinn taithí luachmhar bhreise di i mbainistíocht athraithe.

Ó thús a gairme, bhí spéis ag Kathleen i seirbhísí a fheabhsú agus chuaigh sí isteach sa bhainistíocht ar dtús mar bhealach chun tionchar a imirt ar athrú laistigh d’eagraíochtaí. Tá sí eolach maidir le cúrsaí rialachais chorparáidigh agus tuigeann sí go hiomlán an tábhacht a bhaineann le bord oilte, gafa agus éifeachtach. Mar chuid dá hobair athbhreithnithe, soláthraíonn Kathleen tacaíocht do ghníomhaireachtaí maidir le rialachais boird, ag cinntiú go bhfuil straitéis shoiléir acu maidir le hinbhuanaitheacht agus go gcomhlíonann siad an Cód Rialachais Carthanas, an reachtaíocht ábhartha agus an beartas poiblí.

Ceapadh Kathleen le déanaí freisin ar bhord an Ghrúpa Rehab.

Ar ainmniú an Aire Oideachais, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta de Bhord Clárúcháin na Síceolaithe le héifeacht ón 21 Iúil 2021 go 20 Iúil 2025:

An Dochtúir Eimear Spain

Léachtóir Sinsearach sa Dlí Sláinte is ea Eimear Spain ag Ollscoil Luimnigh (UL). Bíonn sí ag tabhairt léachtaí i Sláinte Dlí do mhic léinn ar fud na Scoile Leighis Iontrála Iarchéime, an Roinn Altranais agus Cnáimhseachais, Scoil na Sláinte Gaolmhara agus Scoil an Dlí in Ollscoil Luimnigh. Tá ceann de na príomhréimsí spéise atá aici i réimse an dlí agus na síceolaíochta, idir thaighde agus theagasc. D’fhoilsigh sí go leor leabhar, caibidlí leabhair, agus ailt i réimsí an dlí sláinte, coiriúil, bunreachtúil agus riaracháin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear monagraf dar teideal ‘The Role of Emotions in Criminal Law Defences; Duress, Necessity and Lesser Evils’ le Cambridge University Press. Tá go leor dá cuid taighde idirdhisciplíneach ó thaobh nádúir de agus fuair sí maoiniú deontais le comhghleacaithe in obstatraic, cnáimhseachas, síceolaíocht oideachais agus síceolaíocht shóisialta.

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na daoine seo a leanas a athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na Síceolaithe le héifeacht ón 21 Iúil 2021 go 20 Iúil 2025:

An Dochtúir Gráinne Kirwan

Is Síceolaí Cairte agus léachtóir le Síceolaíocht in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíocht Dún Laoghaire (IADT), í an Dochtúir Gráinne Kirwan, ag múineadh an BSc (Onóracha) creidiúnaithe i Síceolaíocht Fheidhmeach ag Cumann Síceolaíochta na hÉireann agus an MSc sa Chibearshíceolaíocht. Tá breis agus fiche bliain taithí aici ar shíceolaíocht a mhúineadh in dhá institiúid Éireannacha (Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus IADT) agus bhí sí ina hOllamh Comhlach le Síceolaíocht in ollscoil i Kuala Lumpur, an Mhalaeisia. Bhí baint aici le taighde le lucht acadúil ó roinnt ollscoileanna idirnáisiúnta agus thug sí go leor léiriú tar éis di cuireadh a fháil, lena n-áirítear eochairléirithe ag comhdhálacha in Éirinn agus thar lear. D’fhóin Gráinne mar chomhairleoir seachtrach in iliomad ollscoileanna idirnáisiúnta and is iarchathaoirleach í ar Ghrúpa Sainspéise Chumann Síceolaíochta na hÉireann (PSI) sna Meáin, na hEalaíona agus Cibearshíceolaíocht. Fuair sí maoiniú i leith roinnt tionscadal, rinne sí maoirseacht ar thaighde iarchéime mac léinn agus d’fhoilsigh sí go fairsing ina réimse saineolais. Bhronn UCD a PhD ar Ghráinne i 2006.

Sinead Fitzgerald Uas.

Tá 30 bliain taithí ag Sinead Fitzgerald ag obair mar Shíceolaí Cliniciúil sa tseirbhís sláinte poiblí. Faoi láthair tá freagrachtaí uirthi mar Phríomh-Shíceolaí Cliniciúil i CHO DNCC agus mar Stiúrthóir Cleachtais Chliniciúil i gClár Oiliúna Dochtúireachta Síceolaíochta Cliniciúla Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD)/ Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

le 18 mbliana anuas. Mar chuid dá ról FSS, tá Sinead freagrach as 45 oiliúnaí síceolaíochta cliniciúla ar leibhéal dochtúireachta a fhostú agus a bhainistiú, as maoirseacht a dhéanamh ar a bhforbairt phearsanta, ghairmiúil agus chliniciúil. I measc a cáilíochtaí oideachais tá MA i Síceolaíocht Chliniciúil ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Rinneadh Ollamh Cúnta Oinigh Taca di ag TCD i 2016.

An Dochtúir Fiona Weldon

Is í Fiona Weldon Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Stiúrthóir Leeward Clinical, comhlacht Cúram Sláinte Síceolaíochta. Is Síceolaí Comhairleach Cliniciúil, Fóiréinseach agus Comhairleoireachta í a sholáthraíonn seirbhísí síceolaíochta i réimsí na sláinte meabhrach d’aosaigh, measúnú dlí coiriúil/teaghlaigh, seimineáir chliniciúla, agus seirbhísí comhairliúcháin eagraíochta d’eagraíochtaí príobháideacha/stáit agus do dhaoine aonair. Roimhe sin bhí sí ina comhairleoir don Roinn Sláinte maidir leis an bPróiseas Comhairliúcháin don Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá os cionn 17 mbliana taithí ag Fiona ar fud na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí, lena n-áirítear 4 bliana mar Shíceolaí Sinsearach in Ospidéal Lárnach Sláinte Mheabhrach na Seirbhíse Síciatraí Fóiréinsí i nDún Droma áit ar oibrigh sí i gceannas ar an bhfoireann Teiripe Iompraíochta Dialachtaiciúil, le cliaint a bhfuil meabharghalar marthanacha orthu. D’oibrigh sí ina dhiaidh sin ar feadh 6 bliana mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin/Stiúrthóir Cliniciúil ar Ionad Rutland, ionad cóireála andúile othar cónaithe agus othar seachtrach. Bhí Fiona freagrach as feidhm feidhmiúcháin oibríochtaí an Ionaid, lena n-áirítear forbairt chliniciúil ar an gclár teiripeach, agus thacaigh sí leis an eagraíocht trí phróiseas bainistíochta athraithe suntasach. I measc a cáilíochtaí gairmiúla tá Dochtúireacht i Síceolaíocht Chliniciúil a bhronn Coláiste na Tríonóide uirthi i 2004.