Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Aibreán 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis Feachtais ón Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá an baill seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., chuig Bord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann le héifeacht ón 28ú Márta go dtí an 27ú Márta 2026.

Kevin Gregory

Is Cuntasóir Cairte é Kevin Gregory agus faoi láthair tá sé ina Stiúrthóir Airgeadais leis an gcarthanacht Barnardos. Tá os cionn deich mbliana de thaithí straitéiseach ceannaireachta sinsearach aige agus freagracht oibriúcháin as airgeadas sna hearnálacha pobail agus deonacha. D’oibrigh sé roimhe seo mar Stiúrthóir Airgeadais Eatramhach i Focus Ireland, mar Cheann Airgeadais agus Oibríochtaí san ENR Vita agus i bhFondúireacht Pobail na hÉireann. Tá sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil agus ina chisteoir ar a gCiste Airgeadais, Riosca, Acmhainní Daonna & Tiomsaithe Airgid, agus is iar-Stiúrthóir é ar Obair Dheonach Éireann.

Peter Dennehy

Is Abhcóide Dlí, Innealtóir Cairte agus Eadránaí Cairte é Peter Dennehy. Faoi láthair tá sé ina bhall de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann agus ina bhall de Choiste Iniúchóireachta Ospidéal Adelaide agus na Mí i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sé roimhe seo mar Phríomhoifigeach Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil agus mar Leas-Phríomhfheidhmeannach, mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha & Rúnaí Boird ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, agus mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat