English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord Shláinte Leanaí Éireann-Eanáir 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 26 Feabhra 2025

I ndiaidh ainmniúcháin don bord, tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, mar chomhaltaí de bhord Shláinte Leanaí Éireann

Ms Orla O’Brien

Ceapadh Orla O’Brien ina ball den Bhord i mí Eanáir 2025. Tá Orla ina Príomhfheidhmeannach ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann faoi láthair agus tá 35 bliain caite aici ag obair i gcóras cúram sláinte na hÉireann. bhíodh sí ag obair mar altra cláraithe leanaí / altra ginearálta í, is ceannaire cúram sláinte le taithí í a raibh roinnt ról ceannaireachta agus feidhmiúcháin aici ar fud an chórais sláinte, ó chúram sláinte géarmhíochaine go dtí an Roinn Sláinte. Tá BSc, MSc, agus Dioplóma Iarchéime i Rialachas Corparáideach ag Orla. Tá sí ina Stiúrthóir Cairte agus ina ball de Bhord Chomhghuaillíocht Fola na hEorpa áit a bhfuil an ról mar Chisteoir aici.

Ceaptar Orla O’Brien Uasal le héifeacht ón 15 Eanáir 2025 go dtí an 14 Eanáir 2029.

Dr Ruben Diaz

Ruben Diaz, M.D., Ph.D. ina Leas-Phríomhfheidhmeannach um Ghnóthaí Idirnáisiúnta ag Ospidéal na Leanaí Sant Joan de Deu Barcelona agus ina Ard-Rúnaí ar Eagraíocht Eorpach na nOspidéal Leanaí (ECHO), eagraíocht a thugann le chéile ospidéil Leanaí ar fud na hEorpa.

Mar Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin do Ghnóthaí Idirnáisiúnta, tacaíonn sé le hiarrachtaí comhoibríocha an ospidéil le hinstitiúidí cúram sláinte agus poiblí idirnáisiúnta éagsúla i ngach réimse comhleasa. Mar Ard-Rúnaí ECHO, bainistíonn sé eagraíocht a áiríonn rannpháirtíocht na n-ospidéal cúram treasach leanaí ó 14 thír Eorpacha éagsúla. Is é misean ECHO “tacaíocht a dhéanamh ar son sláinte leanaí agus a rochtain ar chúram den chaighdeán is fearr.” Tá roinnt línte oibre idirghaolmhara á bhforbairt ag ECHO chun tacú le hionaid phéidiatraiceacha a gcáilíocht agus a sábháilteacht a fheabhsú, taighde agus nuálaíocht chomhoibríoch a chur chun cinn agus a n-acmhainn oiliúna agus forbartha fórsa saothair a shaibhriú. Tá sé mar aidhm aige freisin a bheith rannpháirteach i bhfóraim a chuidíonn le polasaí a bhunú i gcúram péidiatraiceach agus ag an am céanna a thacaíonn le riachtanais leanaí a bhfuil cúram treasach uathu.

Is céimí MD, Ph.D é ó Scoil Leighis Ollscoil Washington ag Saint Louis, SAM, i 1991 agus chríochnaigh sé a chónaitheacht phéidiatraiceach agus comhaltacht inchríneolaíochta péidiatraiceach ag Ospidéal na Leanaí i Boston i 1997. Bhí sé ina bhall d'fhoireann leighis/taighde BCH agus de dhámh Scoil Leighis Harvard ar feadh 15 bliana. Sa bhliain 2005, rinneadh Ceann na Rannóige inchríneolaíochta de ag Ospidéal Sant Joan de Deu de. Ó shin i leith, bhí poist cheannaireachta éagsúla aige, lena n-áirítear Príomhoifigeach Míochaine (2008-14), Príomhoifigeach Eolais agus Oiliúna (2014-16) roimh a dhualgais reatha. Tá sé fós ag feidhmiú mar inchríneolaí péidiatraiceach agus tá sé ina bhall de ghrúpa taighde cliniciúil atá dírithe ar dhiaibéiteas agus rialáil meitibileach.

Ceaptar an Dr Ruben Diaz le héifeacht ón 15 Eanáir 2025 go dtí an 3 Nollaig 2025.