English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá na comhaltaí seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.

An Dr Elizabeth Kenny

Oibríonn an Dr Elizabeth Kenny mar Ghaistreintreolaí in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus in Ospidéal Príobháideach an Mater, Corcaigh. Cháiligh sí as UCC i 1984 agus rinne sí MD iarchéime i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I measc a príomhréimsí taighde tá heipitíteas víreasach, galar putóige athlastach, siondróm putóige greannaithí, agus galar céiliach. Ceapadh í ina Léachtóir sa Roinn Leighis agus APC i UCC. Déanann sí léirmheas piaraí ar ailt d'irisí leighis lena n-áirítear Hepatology agus Journal of Hepatology ar bhonn rialta. Tá os cionn 70 foilseachán foilsithe aici in irisí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear NEJM agus cuireann sí go mór le roinnt caibidlí leabhar. Leanann sí le taighde ar bhonn leanúnach leis an Ollamh Fergus Shanahan agus leis an Ollamh Subrata Ghosh le maoiniú ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann trí APC ar mhicribhithóm an duine i ngalar putóige athlastach/siondróm putóige greannaithí. Is comhoibriú a cuid taighde ar Heipitíteas C le saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. Óna cuid taighde ceannródaíoch i heipitíteas C in Éirinn chuaigh an Dr Kenny chun cinn le bheith ina comhordaitheoir ar Ghrúpa Heipiteolaíochta na hÉireann agus bhí ról lárnach aici i bhforbairt agus in eagrú na sé Aonad Heipiteolaíochta in Éirinn. D'fheidhmigh an Dr Kenny mar Chathaoirleach ar an gComhairle Chomhairlitheach a chuir comhairle ar an Aire Sláinte maidir le gach gné de heipitíteas C thar thréimhse 9 mbliana (2003 – 2012). Ghlac sí lena ceapachán ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS) in 2014 agus ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach Leighis an IBTS in 2014. Sa ról seo rinne sí maoirseacht ar athbhreithnithe forásacha ar bheartais dheontóirí fola IBTS le MSM agus ar bhaint na srianta roimhe seo a bhaineann le Covid. Le linn phaindéim Covid-19 bhí an Dr Kenny gníomhach chun ról ceannaireachta IBTS a chinntiú i gcomhar le Haemaiteolaithe Idirnáisiúnta agus Éireannacha i dtaighde cliniciúil leanúnach.

Mairfidh an ceapachán seo ón 21 Bealtaine 2023 go dtí an 20 Bealtaine 2024.

An Dr Satu Pastilla

Tá an Dr Satu Pastila ina Stiúrthóir ar Dheonú Fola ag Seirbhís Fola Chros Dhearg na Fionlainne. Is céimí í de chuid Ollscoil Oulu, Ollscoil Heilsincí, Ollscoil Chóbanhávan, le Máistreacht Feidhmiúcháin i Riarachán Gnó ó Ollscoil Aalto, an Fhionlainn. I measc a réimsí saineolais tá galair thógálacha chliniciúla, galair thógálacha eipidéimeolaíocht, leigheas trópaiceach; leigheas inmheánach; roghnú deontóirí fola, rioscaí ionfhabhtaithe, rioscaí iarmharacha, ionfhabhtuithe atá ag teacht chun cinn maidir le baincéireacht agus bainistíocht oibríochtaí fola, bainistíocht straitéiseach, agus ceannaireacht. Sula ndeachaigh sí ag obair i Seirbhís Fola an FRC, d'oibrigh sí ar feadh roinnt blianta mar Chomhairleoir i nGalair Thógálacha, ag speisialú i Leigheas Trópaiceach in Ollscoil Chóbanhávan. Sa bhliain 2000, chaith sí ceithre mhí sa Chosaiv, mar thoscaire ICRC agus mar Stiúrthóir Ospidéil in Ospidéal Réigiúnach. Sa tSeirbhís Fola FRC ó 2003 go dtí 2008, bhí sí i gceannas ar roghnú deontóirí fola, cur i bhfeidhm na treorach fola i gcleachtas, rioscaí ionfhabhtaithe agus rioscaí iarmharacha a bhaineann le comhpháirteanna fola. In 2008, ceapadh an Dr Pastila ina Stiúrthóir ar Dheonú Fola. Tá sí ina ball de Bhord Feidhmiúcháin BS an FRC ó Dheireadh Fómhair 2011. Ina ról reatha mar Stiúrthóir ar Sheirbhís Fola an FRC ghlac sí páirt i bhforbairt agus i mbunú córas TF nua féith-go-féith maidir le baincéireacht fola, comhdhéanta de bogearraí CRM agus AX le comhtháthú CRM le seirbhísí deontóra digiteach, LIMS agus trealamh oibriúcháin. Ba í an fhreagracht a bhí uirthi mar Úinéir Táirge ná an rannán a bhaineann leis an gclár deonaithe fola agus deontóirí (CRM). Cuireadh an córas TF i bhfeidhm go rathúil an 4 Bealtaine 2020.

Mairfidh an ceapachán seo ón 7 Meitheamh 2023 go dtí an 6 Meitheamh 2025.