Ceapacháin chun Comhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha/athcheaptha ag an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. ar Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann le héifeacht ón 18ú Meitheamh 2023 go dtí an 17ú Meitheamh 2027.
Joan Peppard
Rinne Joan Peppard staidéar ar an gCógaisíocht i COBÁC i 1980 agus d’oibrigh sí sa chógaslann ospidéil ó 1984 go 2023, tar éis di a bheith ag obair sa chógaisíochta pobail roimhe seo. Tá raon taithí ag Joan ar ionadaíocht a dhéanamh ar ghairm na cógaisíochta. Toghadh í faoi dhó mar Uachtarán ar Chumann Cógaiseoirí Ospidéil na hÉireann (2006-2008 agus 2011-12) agus toghadh ina hUachtarán ar Chumann Eorpach na gCógaiseoirí Ospidéil í in 2015 ar feadh téarma trí bliana.
Tá Joan tofa chuig an gComhairle ag Cógaiseoirí atá cláraithe le CCÉ.
Emily Kelly
Is cógaiseoir cumasach í Emily Kelly a bhfuil taithí fhairsing bhoird agus bhainistíocht shinsearach aici san earnáil chógaisíochta. Bhain Emily a céim onóracha den chéad rang amach sa Chógaisíocht ó Ollscoil Brighton i 2000, agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sí Dioplóma i Rialachas Corparáideach. Chríochnaigh Emily oiliúint Bainistíochta Feidhmiúcháin freisin trí Scoil Ghnó Hult Ashridge sa RA. Tá Emily ina cógaiseoir pobail cleachtaigh do McCauley i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Tá Emily tofa chuig an gComhairle ag Cógaiseoirí atá cláraithe le CCÉ.
Denis O’Driscoll
Tá 26 bliain de thaithí ag Denis O’Driscoll sa chógaisíocht, lena n-áirítear 22 bliain le Seirbhísí Andúile FSS mar Phríomhchógaiseoir. Faoi láthair tá Denis ina cheannaire cliniciúil ar cheann de na sraitheanna cógaisíochta is mó in Éirinn, 85 cógaslann agus tá sé freagrach as seirbhís chógaisíochta ardchaighdeáin a bhainistiú agus a sholáthar don phobal. Leanann a spéis san andúile mar go bhfuil sé ina chathaoirleach neamhspleách deonach ar Ghrúpa Comhairleach Naloxone do Straitéis FSS ar Chosc ar Ródháileog.
Tá Denis tofa chuig an gComhairle ag Cógaiseoirí atá cláraithe le CCÉ.
Mark Jordan
Is cógaiseoir pobail é Mark Jordan atá lonnaithe i gCo. Mhaigh Eo. Tá taithí aige ar ghnóthaí rialála agus ar chúrsaí oiriúnachta chun cleachtadh, ar an tionscal forlíonta agus mar oideoir ar líne. Tá Mark ina bhall ceaptha freisin ar choiste clárúcháin an Bhoird Altranais agus Cnáimhseachais, agus is comhalta é a fuair cuireadh de choiste um athchóiriú bunreachtúil Aontas Cógaisíochta na hÉireann (ACÉ), ball tofa de choiste fostaithe ACÉ, agus ball ceaptha de ghrúpa stiúrtha IT ACÉ agus Grúpa Oibre an Fhórsa Oibre Cógaisíochta.
Tá Mark athcheaptha agus tofa ar an gComhairle ag Cógaiseoirí atá cláraithe le CCÉ.
Dr Laura Jane Sahm
Fuair Dr Laura Jane Sahm B.Sc. Cógais(Onóracha) ó Ollscoil Brighton (1990) agus bhain sí Ph.D. sa Chógaisíocht (Ollscoil Bath) i 1995.
Ó 2018-2021, ceapadh Laura ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (BACÉ) trí cheapachán aireachta mar chomhalta tuata den Bhord.
Bhí sí ina ball den Choiste Oideachais, Oiliúna agus Caighdeán, den Choiste Iniúchta agus Riosca chomh maith leis an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh an BACÉ. I 2021, ceapadh Laura ina Leas-Déan ar Scoil na Cógaisíochta agus ina Ceann Gníomhach ar Chleachtas Cógaisíochta Cliniciúil.
Tá Dr Laura Jane ainmnithe ag na scoileanna Cógaisíochta reatha.
Cyril Sullivan
Is cuntasóir cáilithe é Cyril le bunchéim san eolaíocht ríomhaireachta, MBA agus dochtúireacht sa rialachas, tá taithí aige i réimsí an Phríomhoifigigh, straitéise, oibriúcháin, airgeadais, rialachais agus iniúchta, TFC agus seirbhísí tacaíochta. Tá ról reatha Cyril mar Phríomhoifigeach/Stiúrthóir ar ECC Ireland. Cuimsíonn an ról seo gach gné de na hoibríochtaí agus gach feidhm tacaíochta. Tá Cyril ina Stiúrthóir/Príomhoifigeach ar Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí Éireann.
Tá Cyril ceaptha ar an gComhairle tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Martin Higgins
Is fostaí sa tseirbhís phoiblí gairme é Martin Higgins a bhfuil taithí ollmhór aige ar fheidhmeannach sinsearach (suas go POF) agus leibhéal boird sa Roinn Sláinte agus i ngníomhaireachtaí stáit. Is iad na speisialtóireachtaí atá ag Martin ná rialachas, airgeadas, iniúchadh agus riosca, agus rialáil. Is cuntasóir cáilithe é Martin, Comhalta den Fhoras Bainistíochta Cairte agus tá cáilíochtaí breise aige i rialachas, pleanáil straitéiseach agus gnóthaí rialála. Is idirghabhálaí oilte é Martin freisin agus tá taithí aige mar oiliúnóir ceannaireachta agus feidhmiúcháin.
Tá Martin ceaptha ar an gComhairle tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Martin Sisk
Tá taithí shubstaintiúil reachtaíochta ag Martin mar a léirítear sa ról lárnach atá aige i bhfoirmiú, dréachtú agus rith an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1997. Tá taithí ag Martin mar bhall de Bhord Stáit Tráchtála agus taithí ina dhiaidh sin mar Chathaoirleach ar an mBord Stáit sin ( VHI Healthcare ). Tá Martin ina Chathaoirleach faoi láthair ar Bhord Stáit Rialála (ÚMICÉ - Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann) agus tá sé ina bhall de Bhord Stáit Rialála eile (An Coimisiún um Scrúduithe Stáit). D’fhóin Martin freisin mar Stiúrthóir Neamhspleách ar Bhord Soláthair Eatramhach an Rialtais. Tá Martin ar Bhord na Comhchumann na gComhar Creidmheasa in Éirinn freisin tar éis dó a bheith ina Uachtarán agus ina bhall de Bhord Chomhar Creidmheasa Mhullach Íde.
Tá Martin ceaptha ar an gComhairle tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Geraldine Crowley, Uas
Is í Geraldine Crowley, Uasal an Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta um Chúram Príomhúil, Straitéis & Pleanáil (FSS). Rinne sí staidéar in Ollscoil Luimnigh agus tá Máistreacht aici sa mBainistíocht Tionscadal chomh maith le céim B.A. (An Riarachán Poiblí). Tá taithí fhairsing aici ag obair san FSS, sa ról atá aici faoi láthair agus i róil eile a raibh aici roimhe seo, mar Cheann Pleanála, Feidhmíochta & Bainistíochta Cláir sa Rannán Cúraim Shóisialaigh. Le déanaí, bhí baint ag Geraldine le hAthchóiriú Conarthach agus Forbairt Seirbhíse Dochtúirí Teaghlaigh. Ceapadh Geraldine ar Chomhairle an PSI mar ainmní an FSS.
Tá Geraldine athceaptha ar an gComhairle tar éis ainmniúcháin ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.