Ceapachán an Ollaimh Colm O’Herlihy ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2018
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2020
19 Meán Fómhair 2018
Tar éis dó a bheith ainmnithe leis ag an gComhairle Leighis, rinne an tAire Sláinte, Simon Harris TD, an tOllamh Colm O’Herlihy a cheapadh ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
An tOllamh Colm O’Herlihy, MD, FRCPI, FRCOG, FRANZCOG
Post Reatha
- An tOllamh leis an gCnáimhseachas agus an Gínéiceolaíocht, Scoil an Leighis agus na hEolaíochta Leighis, UCD, san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath
- Cnáimhseoir/Gínéiceolaí Comhairleach, An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2
- Gínéiceolaí Comhairleach, Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae, Sráid Eccles, Baile Átha Cliath 7
Scoil Leighis
- Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Ollscoil Náisiúnta na hÉireann)
- Céim Bainte Amach Meitheamh 1973: MB, BCh, BAO, Onóracha agus an chéad áit sa bhliain
Cáilíochtaí Iarchéime
- Dochtúir MD sa Leighis, Ollscoil Melbourne 1981
- Comhalta FRCPI de chuid Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann 1986
- Comhalta FRCOG de chuid Choláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe 1989
- Comhalta FRANZCOG de chuid Choláiste Cnáimhseoirí agus Gínéiceolaithe Ríoga na hAstráile 1981
Ceapacháin Roimhe Seo agus Ceapacháin Reatha
- Uachtarán, Cumann Imbhreithe na hÉireann 1992-94
- Uachtarán, Acadamh Ríoga an Leighis, Rannóg na Cnáimhseachais 1994-96
- Scrúdaitheoir Seachtrach, Ollscoil Mhanchain, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Ball de chuid na Comhairle, Aontas Cosanta Leighis 1993-2002
- Comhairleoir Réigiúnach d’Éirinn, RCOG 1996-2001
- Ball de chuid na Comhairle, Coláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe
- Ball de chuid Chomhairle Leighis na hÉireann (Ball Tofa)
- Ball de chuid Choiste Gearán Chomhairle na nDochtúirí Leighis (PPC) & an Choiste Oideachais & Oiliúna (EDPDC)
Ábhair Spéise Taighde Reatha
Gortú urlár peilbhigh cnáimhseachais, Bainistíocht Tinnis Claine, galracht cnáimhseachais agus imbhreithe, imdhíoneolaíocht neamhthorthúlachta, teiripe athsholáthair hormónach.