English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán an Uasail John Biggins mar bhall de Bhord Clárúcháin na Fisiteiripeoirí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tar éis Feachtas um Sheirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), agus le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar bhall de Bhord Clárúcháin na Fisiteiripeoirí ón 19 Eanáir 2021 go 19 Bealtaine 2024:

An tUasal John Biggins

Is abhcóide cáilithe é an tUasal Biggins a bhfuil taithí shuntasach aige i róil rialála /dlí-dhírithe. Ó 2010 d’oibrigh an An tUasal Biggins i mBanc Ceannais na hÉireann i dtosach mar Bhainisteoir Beartais Idirnáisiúnta agus an AE, ansin mar Anailísí ar Bheartas Baincéireachta; ag fáil ardú céime go Bainisteoir Beartais i 2016. D’oibrigh an tUasal Biggins roimhe seo mar thaighdeoir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit ar dhírigh sé ar thaighde ar Rialáil Phríobháideach Trasnáisiúnta in Ionad Rialála agus Rialachais UCD.

Roimhe seo d’oibrigh an tUasal Biggins mar Oibrí Cásanna Cúnta/Oifigeach Beartais in Ionad Dlí Pobail Thuaisceart na Cathrach agus Ionad Eolais do Shaoránaigh Cheantar Bhaile Átha Cliath mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách le príomhfhreagracht as cúrsaí rialachais chorparáidigh.

Tá taithí ballraíochta boird ag an Uasal Biggins, le príomhfhreagracht aige as cúrsaí rialachais chorparáidigh.