Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán ar an Údarás Rialála Táirgí Sláinte - Márta 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Bealtaine 2019
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2020

Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis an tOllamh David Kerins a cheapadh mar bhall de chuid an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte. Is don tréimhse idir an 22 Márta 2019 agus an 31 Nollaig 2020 a bhfuil feidhm ag an gceapachán seo.

D’fhóin an tOllamh David Kerins mar bhall de chuid an Choiste Comhairligh um Chógas Daonna Bord Cógaisíochta na hÉireann/Údarás Rialála Táirgí Sláinte ó 2006 i leith.

Fuair sé BSc san Fhiseolaíocht in 1981, agus MB, BAO, BCh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 1984. Chríochnaigh sé comhaltachtaí sa Chógaseolaíocht Chliniciúil agus sa Chairdeolaíocht Chliniciúil, ceann i ndiaidh a chéile, in Ollscoil Vanderbilt, Nashville TN.

Tar éis dó a bheith ceaptha mar Ollamh Comhlach le Leigheas agus mar Cheann ar an Rannóg Cairdeolaíochta ag Nashville VA, ceapadh é mar Ollamh Comhlach Teiripice i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus mar Lia Comhairleach in Ospidéal Ollscoile na Trócaire i 2006. D’fhóin sé mar Dhéan na Scoile Leighis, COC idir 2007 agus 2010, agus mar Stiúrthóir Cliniciúil ar Ospidéal Ollscoile na Trócaire ó 2012 go dtí 2017.

Tá suimeanna taighde aige sa teiripe frith-phláitíní agus frith-thrombóis, sa bhitheolaíocht soithíoch, go háirithe ar na cosáin renin-angiotensin agus fibrinolytic, agus ar an íomháú cairdiach neamh-ionrach.

Tá an tOllamh Kerins ina chomhalta de chuid the American Heart Association, the American College of Cardiology, Cumann Cairdeolaíochta na hEorpa, the American Society of Echocardiography agus the British Pharmacological Society. Tá sé ina Chairdeolaí Comhairleach in Ospidéal Ollscoile na Trócaire.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat