Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán ar an mBord Taighde Sláinte (BTS)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP), cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an duine seo a leanas mar bhall den Bhord Taighde Sláinte (HRB) le héifeacht ó 27 Lúnasa 2021 go 26 Lúnasa 2026:

Dr Cyril Sullivan

Is cuntasóir cáilithe é an Dr Sullivan (FCCA/ACMA) ) le breis agus 30 bliain de thaithí sa ghairm. Faoi láthair is é Dr Sullivan an Stiúrthóir/ Príomhoifigeach le ECC Ireland agus bhí roinnt post feidhmiúcháin sinsearach aige san earnáil phoiblí, lena n-áirítear Stiúrthóir Seirbhísí Airgeadais agua Tacaíochta leis an Institúid Riaracháin Phoiblí (IPA), Ceann Airgeadais agus Gnóthaí Corparáideacha. leis an Údarás Náisiúnta Bóithre (NRA) agus iniúchóir le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG).

Bhí roinnt ainmniúchán Stáit ag an Dr Sullivan, lena n-áirítear a bheith ina bhall de Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI) chomh maith le ballraíocht ar Choistí Iniúchóireachta na Roinne Sláinte agus na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Faoi láthair tá sé ar a dhara téarma mar bhall de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus na hÓige agus leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tá an dara téarma díreach críochnaithe ag an Dr Sullivan mar Chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca an Gharda Síochána agus faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca an NMBI.

Tá a chuid saineolais i réimsí an rialachais, lena n-áirítear rialachas rialála agus taighde, bainistíocht airgeadais, TFC, iniúchadh agus riosca. Chomh maith le bheith ina chuntasóir cáilithe, tá Baitsiléir Eolaíochta aige in Eolaíocht Ríomhaireachta (Coláiste na Tríonóide BAC), Céim Máistir Eolaíochta (Eacnamaíocht) i Staidéar Beartais (Coláiste na Tríonóide BAC), MBA (Scoil Ghnó Smurfit, COBÁC) agus Dochtúireacht sa Rialachas (Ollscoil na Ríona, Béal Feirste).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat