Ceapachán ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2021
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tUasal Martin Sisk ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Ceaptar é ón 2 Iúil 2021 go 27 Feabhra 2023.
Martin Sisk
Is Aturnae de réir gairme é Martin Sisk ach d’oibrigh sé ar feadh fhormhór mór a ghairmréime i réimse na rialála airgeadais agus ar bhealach eile ag clúdach réimse leathan earnálacha.
D’fhóin Martin mar Chláraitheoir na gCumann Cairdiúil ar feadh breis agus 18 mbliana agus ina dhiaidh sin i roinnt róil shinsearacha i mBanc Ceannais na hÉireann ar feadh breis agus 7 mbliana.
Ó chuaigh sé ar scor go luath ón mBanc Ceannais, d’fhóin sé i roinnt róil lena n-áirítear, i measc nithe eile, mar Chathaoirleach ar Cúram Sláinte ÁSS.. Níos déanaí sa dara leath de 2020 chríochnaigh Martin a théarma mar chomhalta Boird den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an tUasal Martin Sisk ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Ceaptar é ón 2 Iúil 2021 go 27 Feabhra 2023.