English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2021

Tar éis feachtais ón Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), tá An tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine seo a leanas a cheapadh mar Chathaoirleach an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) ón 19.04.2021 go dtí an 31.12.2025:

An tUasal Michael Donnelly

Tá Michael tar éis a ghairm bheatha a chaitheamh i gcúram sláinte. Tá os cionn 35 bliain taithí aige in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe ag leibhéil feidhmiúcháin sinsearacha, stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin, agus stiúrthóra feidhmiúcháin i gcomhlachtaí príobháideacha, comhlachtaí liostaithe agus eagraíochtaí san earnáil phoiblí. Bhí sé ina Ollamh le Taighde Péidiatraice i gColáiste Leighis Ollscoil Cincinnati agus threoraigh sé taighde i Nua-Naíocht ag Ionad Leighis Leanaí Cincinnati. Ba é Michael an Ceannaire Nua-Naíochta i ndearadh agus i dtógáil Ospidéal Leanaí Cincinnati nua agus a áis Taighde Eolaíochta Bunúsaí. D’fhoilsigh Michael go fairsing agus deonaíodh paitinní na Stát Aontaithe agus idirnáisiúnta dó. Mhaoinigh Institiúidí Sláinte Náisiúnta na Stáit Aontaithe agus An Ghníomhaireacht um Ard-Tionscadail Taighde a chuid taighde. Bhí sé ar phainéil forbartha caighdeán feistí leighis agus ina athbhreithneoir ar iarratais taighde Fhondúireacht Eolaíochta Náisiúnta na Stát Aontaithe. Mar Cheann Taighde agus Forbartha do chomhlachtáí liostaithe threoraigh sé cláir thaighde sheachtracha. Threoraigh sé trialacha rialáilte ag FDA na Stát Aontaithe maidir le diagnóisic, feistí, agus leigheasanna a fhorbairt. Bhainistigh sé ciste cothromais phríobháideach ag tráchtálú taighde Eolaíochta Bheatha atá maoinithe go poiblí. Is Abhcóide é Michael agus ball den Leabharlann Dlí le fócas ar chúrsaí tráchtála.