Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig an Údarás Árachas Sláinte, Meán Fómhair 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ag teacht sna sála ar fheachtas ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an tUas. John Armstrong a cheapadh mar chomhalta den Údarás Árachas Sláinte ón 18 Meán Fómhair 2019 go dtí an 17 Meán Fómhair 2022.

John Armstrong

Tá John ina achtúire sinsearach agus ina eacnamaí sláinte. Thug sé faoina staidéar fochéime i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus faoina staidéar iarchéime in Ollscoil Georgetown, Washington DC.

Tá níos mó ná 25 bliana caite aige sa tionscal árachas sláinte in Éirinn agus thar lear araon. Ghníomhaigh sé mar Cheann Eorpach um Praghsáil, mar Cheann um Fhrithghealladh, Táirgí agus Praghsáil agus mar Phríomhachtúire do dhá mhórárachóir dhomhanda. Ina theannta sin, chuir sé comhairle ar níos mó ná 20 tír i ngach cuid den domhan maidir le maoiniú sláinte a athchóiriú, lenar áiríodh maidir leis na hearnálacha árachas sláinte sna tíortha sin a athchóiriú.

Rinne sé taighde fairsing ar a lán topaicí a bhaineann le hárachas sláinte a athchóiriú agus tá baint ghníomhach taighde agus teagaisc aige le hOllscoil Erasmus in Rotterdam, an Ísiltír, agus leis an bhForas Riaracháin i mBaile Átha Cliath.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat