Ceapachán chuig An Chomhairle um Gháirmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig An Chomhairle um Gháirmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ar ainmniúchán Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar bhall de Chomhairle um Gháirmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) le héifeacht ón 31 Márta 2021 go dtí an 08 Bealtaine 2022:

Emma Gonoud

Is í Iníon Gonoud Bainisteoir Teiripeoir Urlabhra agus Teanga don FSS i réigiún Laoise/Uíbh Fhailí. Tá sí ina teiripeoir urlabhra agus teanga cleachtach ó 1995. Tá BSc aici i staidéir Chliniciúla urlabhra agus teanga ó Choláiste na Tríonóide, MSc i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte agus tá teastas aici i réimse speisialaithe na diosfaige. Is í Iníon Gonoud ionadaí na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga ar ghrúpa teicniúil náisiúnta FSS le haghaidh tuairisciú náisiúnta ar mhéadrachtaí agus staitisticí agus ó 2016 go 2017 bhí sí mar ionadaí na dteiripeoirí urlabhra agus teanga ar Athbhreithniú Náisiúnta FSS ar Sheirbhísí Teiripe Urlabhra agus Teanga. Is ball gníomhach í de IASLT le linn a gairme ar fad agus d’fhóin sí ar chomhairle an IASLT ó 2000-2008.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat