Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ag teacht sna sála ar fheachtas ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta gairmiúil de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair ón 6 Eanáir 2020 go dtí an 5 Eanáir 2023:

Aisling Davis Uas.

Tá Aisling ina Teiripeoir Saothair Speisialtóra Cliniciúil i Leigheas do Dhaoine Scothaosta i Rannóg Éigeandála Ospidéal San Séamas. Sular thug sí faoin ról mar Speisialtóir Cliniciúil, d’oibrigh Aisling mar Theiripeoir Saothair Sinsearach in Athshlánú Seanliachta in Ospidéal Chluain Tarbh agus d’oibrigh sí sa timpeallacht géarmhíochaine in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Tá Céim Máistreachta ag Aisling in Ardchleachtas do Ghairmithe Sláinte Gaolmhara, rud a bhain sí amach as Ollscoil Uladh. Chomh maith leis sin, tá céim B.Sc. (Onóracha) aici i dTeiripe Shaothair, rud a bhain sí amach as Coláiste na Tríonóide.

Ina ról reatha, tá cásualach casta gnóthach aici lena mbaineann idirghabháil agus measúnacht speisialtóra a sholáthar do dhaoine scothaosta, lena n-áirítear laigí a shainaithint agus ligean isteach san ospidéal a sheachaint. Tá dúspéis aici i gcúram a thabhairt do dhaoine scothaosta agus i gcabhrú leo fanacht ina gcónaí sa phobal. Tá páirt glactha aici i roinnt tionscadal taighde agus d’fhoilsigh sí a taighde Máistreachta dar teideal “Staidéar Taiscéalaíoch ar Phleanáil Scaoilte a Dhéanamh ar Chuairteanna Baile in Éirinn - An Cleachtas Náisiúnta agus na Dearcthaí Náisiúnta a Imscrúdú” san Irish Journal of Occupational Therapy sa bhliain 2019.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat