Ceapachán chuig Bord Ospidéal Thamhlachtal- Dr Darach Ó Ciardha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Bord Ospidéal Thamhlachtal- Dr Darach Ó Ciardha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 27 Lúnasa 2019

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Dr Darach Ó Ciardha a cheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta. Mairfidh an ceapachán seo an téarma ón 22 Lúnasa 2019 go dtí an 21 Lúnasa 2022.

An Dr Darach Ó Ciardha

Lia-chleachtóir ginearálta i Ráth Miontáin agus i gCrios Thamhlachta is ea an Dr Darach Ó Ciardha. Tá sé ar an Stiúrthóir Cúntach Cláir ar an gClár Oiliúna Lia-Chleachtóirí Ginearálta atá á reáchtáil i gcomhpháirt ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá sé ar an Ollamh Cúnta le Cúram Príomhúil i gColáiste na Tríonóide freisin.

Tá an Dr Ó Ciardha ina bhall de Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann agus ina bhall den Acadamh Eorpach um Múinteoirí i Lia-Chleachtadh Ginearálta (EURACT).

I measc a réimsí spéise acadúla agus taighde tá Oideasú Sóisialta agus an tionchar a bhíonn ag an neamhionannas sláinte agus ag an díothacht ar an tsláinte. Chomh maith leis sin, tá sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh GPBuddy, an acmhainn oideachais agus eolaire do lia-chleachtóirí ginearálta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat