Ceapachán chuig Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ar ainmniú Bhord Chlárúcháin na mBia-Eolaithe, cheap an tAire Sláinte, Simon Harris TD, an duine seo a leanas mar bhall gairmiúil de Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Is ó 15 Bealtaine 2020 go 13 Feabhra 2021 an ceapachán seo.

An tOllamh Mary Ann Therese Flynn

Is diaitéiteach cláraithe agus cothaitheach sláinte poiblí í an tOllamh Flynn. D'oibrigh sí ar feadh blianta fada i sláinte phoiblí, i gcothúchán cliniciúil agus sa saol acadúil in Éirinn, i gCeanada agus sa Mheánoirthear. Faoi láthair tá sí i gceannas ar obair ar chaighdeáin tagartha ó thaobh na gcothaitheach de do naíonáin agus do leanaí óga ag Codex Alimentarius (WHO agus FAO na Náisiún Aontaithe). I measc na ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta eile cothaithe/diaitéiteach tá Ballraíocht i bPainéil Chomhairleacha Shaineolaithe a threoraíonn forbairt Health Canada d'athbhreithnithe le Treoir Náisiúnta Bia Cheanada maidir le Bia Shláintiúil (2019 agus 2006).

Le linn a gairme bhí sí i gceannas ar fhoirne ildisciplíneacha agus iad ag dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó a bhaineann le murtall agus le galair ainsealacha gaolmhara - go háirithe idirghabhálacha a dhíríonn ar leanaí. Tá cláir nuálacha coiscthe agus cóireála curtha i bhfeidhm aici a laghdaíonn an riosca a bhaineann le galar croí agus diaibéiteas do dhaoine de gach aois.

Tá os cionn 100 foilseachán eolaíochta ag Mary agus tá a cuid oibre ar mhurtall i measc leanaí aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO). In 2014, bhronn an Cumann Cothaithe sa RA an bonn tionscnaimh uirthi as sármhaitheas i gCothú Sláinte Poiblí. Cheap an tAire Sláinte í mar bhall de chéad Chomhairle Éire Shláintiúil agus tá sí ina hOllamh ar Cuairt in Ollscoil Uladh, Tuaisceart Éireann ó 2012.

Bhí Mary ina Diaitéiteach Cláraithe i gCeanada ó 2000 go 2004. Is mór an onóir di a bheith ina ball de Bhord Clárúcháin Diaitéiteach CORU

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat