Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 4 Feabhra 2021

Ar ainmniú Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach, rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 14 Feabhra 2021 go 13 Feabhra 2025:

An tOllamh Mary A. T. Flynn

Is diaitéiteach cláraithe agus saineolaí cothúcháin sláinte poiblí í an tOllamh Flynn. D’oibrigh sí ar feadh blianta fada i sláinte phoiblí, i gcothú cliniciúil agus sa saol acadúil in Éirinn, i gCeanada agus sa Mheánoirthear. Faoi láthair tá sí i gceannas ar obair ar chaighdeáin tagartha cothaitheach do naíonáin agus do leanaí óga ag Codex Alimentarius (EDS agus EBT na Náisiún Aontaithe). I measc a gníomhaíochtaí idirnáisiúnta eile maidir le cothú/diaitéitic tá Ballraíocht de Phainéil Chomhairleacha Saineolaithe a threoraíonn forbairt Sláinte Cheanada ar athbhreithnithe ar Threoir Náisiúnta Bia Cheanada maidir le hItheachán Sláintiúil (2019 agus 2006). Le linn a gairme bhí sí i gceannas ar fhoirne ildisciplíneacha agus iad ag dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó a bhaineann le hotracht agus galair ainsealacha ghaolmhara - go háirithe idirghabhálacha a dhíríonn ar leanaí. Tá cláir nuálacha coiscthe agus cóireála curtha i bhfeidhm aici ag laghdú riosca galar croí agus diaibéiteas do dhaoine de gach aois.

Tá os cionn 100 foilseachán eolaíochta ag Mary agus tá a cuid oibre ar otracht i measc leanaí aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO). I 2014, bhronn an Cumann Cothaithe sa Ríocht Aontaithe an bonn tionscnaimh uirthi as sármhaitheas i gCothú Sláinte Poiblí. Cheap an tAire Sláinte í mar bhall den chéad Chomhairle Éire Shláintiúil agus tá sí ina hOllamh ar Cuairt ag Ollscoil Uladh, Tuaisceart Éireann ó 2012.

Diaitéiteach Cláraithe ab ea Mary i gCeanada ó 2000 go 2004. Tá sí ina ball de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach de chuid CORU.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat