Ceapachán chuig Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ar ainmniú Bhord Clárúcháin na gCoslianna, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shósisialaigh le héifeacht ón 16 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2024:

An Dochtúir Julia Shaw

Tá 39 bliain taithí ag an Dochtúir Shaw i gCosliacht NHS i réimsí bainistíochta, cliniciúla agus taighde laistigh de Chosliacht. Chríochnaigh sí PhD i 2008 ag Ollscoil Uladh i mBéal Feirste agus tá a cuid oibre curtha i láthair agus foilsithe aici go hidirnáisiúnta. Rinne Julia ionadaíocht thar ceann Thuaisceart Éireann i róil náisiúnta éagsúla lena n-áirítear ceapachán mar Chomhalta Feidhmiúcháin den Chos i nDiaibéiteas sa Ríocht Aontaithe agus mar Churadh Cliniciúil Diaibéiteas sa Ríocht Aontaithe.

Go dtí gur scoir sí i 2019, mar Bhainisteoir Cúnta Cosliachta in Iontaobhas Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh Bhéal Feirste, chuir Julia leis an gcreat rialachais chorparáidigh agus chinntigh sí gur chuir foireann de 36 Coslia cúram ardchaighdeáin, sábháilte agus éifeachtach ar fáil d’othair a chomhlíon luachanna na hearnála poiblí, cóid iompair, agus cuntasacht. Faoi láthair tá sí ina Ball den Phainéal um Oiriúnacht chun Cleachtadh agus Measúnóir Clárúcháin do Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim sa Ríocht Aontaithe (HCPC) agus ina Comhalta de Choláiste Ríoga na gCoslianna sa Ríocht Aontaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat