Ceapachán do Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán do Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis Feachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá an tUasal Michelle O’Sullivan ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., do Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le héifeacht ó 21 Iúil go dtí 27 Meitheamh 2024.

Michelle O’Sullivan

Tá os cionn 21 bliain taithí AD ag Michelle O’Sullivan i mbanc infheistíochta ilnáisiúntach. Tá dea-theist uirthi i ngach gné d’acmhainní daonna a bhainistiú, lena n-áirítear forbairt straitéise, comhairleacht inmheánach, bainistiú athruithe, forbairt polasaí agus cumaisc & éadálacha.

Bhí sí i gceannas ar fhoirne ilchultúrtha chun straitéis AD domhanda a sheachadadh, agus oiriúnacht don fheidhm a chinntiú i dtíortha éagsúla. Tá grinneas gnó iontach ag Michelle agus tá paisean aici chun a chinntiú go bhfuil alíniú idir AD agus straitéisí gnó chun go seachadófar cuspóirí gnó.

Sa bhliain 2019 d’éirigh sí as a ról corparáideach agus bhunaigh sí MOS Consulting. Is cóitseálaí/meantóir í atá creidiúnaithe ag an gComhairle Eorpach um Meantóireacht agus Chóitseáil ag leibhéal an chleachtóra shinsearaigh. Cuireann Mos Consulting seirbhísí comhairliúcháín ar fáil freisin.

Sa bhliain 2020 ceapadh Michelle ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta agus faoi láthair tá sí ina chathaoirleach ar an gcoiste AD straitéiseach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat