Ceapadh an Dr Jack Nagle chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapadh an Dr Jack Nagle chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 30 Nollaig 2019

Rinne Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, an Dr Jack Nagle a cheapadh chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Rinneadh an ceapachán tar éis feachtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun an folúntas a líonadh. Mairfidh an ceapachán don tréimhse ón 17 Nollaig 2019 go dtí an 4 Aibreán 2022.

An Dr Jack Nagle

Ghnóthaigh Jack an-chuid taithí oibre idirnáisiúnta san earnáil sláinte thar thréimhse 30 bliain, ar lena linn a ghnóthaigh sé taithí 15 bliana an ceann ar obair i gcóras sláinte.

Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn agus i gcóras sláinte na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte i Sasana.

Ina cháil mar bhunaitheoir agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Alpha Healthcare, soláthraíonn Jack seirbhísí comhairleachta gnó. Tá saineolas ar leith aige orthu seo:

  • Pleanáil straitéiseach agus bainistíocht athruithe,
  • Pleanáil agus bainistíocht airgeadais,
  • Rialachas corparáideach,
  • Bainistíocht straitéiseach acmhainní daonna.

Tá tacaíocht pleanála straitéisí tugtha ag Jack don Choimisiún Meabhair-Shláinte, do Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus don ghrúpa um Shláinte Ghnéis agus Toircheas Géarchéime.

Tá sé ag soláthar pleanáil agus bainistíocht airgeadais d’eagraíochtaí cúram sláinte sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le breis agus 15 bliana anuas.

Tá sé ag obair leis an bhfoireann Sláintecare sa Roinn Sláinte faoi láthair chun plean gníomhaíochta a chur le chéile le haghaidh an clár Sláintecare a chur chun feidhme.

Ceapadh Jack chuig Bord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála i mí Feabhra 2014 agus ceapadh é le haghaidh téarma eile i mí Feabhra 2017.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat