Ceapadh an Dr John Hillery leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte.

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapadh an Dr John Hillery leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cheap an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D. an Dr John Hillery leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Déantar an ceapachán seo i ndiaidh gur ainmnigh Coláiste Síciatraithe na hÉireann an Dr Hillery. Mairfidh an ceapachán don tréimhse ón 2 Samhain 2020 go dtí an 4 Aibreán 2022.

An Dr John Killeen

Ba Shíciatraí Comhairleach an Dr John Hillery sna seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas intleachta atá á reáchtáil ag Stewarts Care, Baile Átha Cliath agus Seirbhísí Sláinte Eoin Baiste, Cill Dara chomh maith le Seirbhísí Meabhairshláinte FSS ag Tamhlacht.

Iar-Uachtarán Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus Cumann Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialaithe Leighis é. Ba bhall freisin an Dr Hillery de Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann agus den Ghrúpa Monatóireachta Neamhspleách ‘Fís d’Athrú’ (‘A Vision for Change’) (an beartas náisiúnta maidir le Meabhairshláinte roimhe sin).

Ba é an tUachtarán deireanach ar Choláiste Síciatraithe na hÉireann i ndiaidh dó bheith ina Stiúrthóir Cumarsáide agus Oideachais Phoiblí roimhe seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat