An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Ceapadh ar Bhord Clárúcháin Comhairleoirí agus Síciteiripeoirí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Ar ainmniú an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Nuálaíochta, Taighde agus Eolaíochta, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, an duine seo a leanas mar bhall den Bhord Clárúcháin Comhairleoirí agus Síciteiripeoirí ón 14 Eanáir 2021 go 24 Feabhra 2022
An Dr Carole Glynn
Faoi láthair tá an Dr Carole Glynn ina Ceann ar Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Roimhe seo, bhí róil cheannasaíochta taighde agus faisnéise aici le Tusla agus le FSS.
Mar bhainisteoir ar sheirbhísí sláinte poiblí agus cúraim shóisialta tá taithí fhairsing faighte ag an Dr Glynn san earnáil sláinte. I measc a cuid éachtaí acadúla tá Máistreacht i Riarachán Poiblí, Dochtúireacht i Riarachán Gnó agus Comhaltacht NA in Eolaíocht Shóisialta.