Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapadh ar Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair agus ar Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Ceapadh ar Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair

Tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., mar bhall de Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair, ar a toghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 13 Meán Fómhair 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024:

Iníon Niamh Doyle

Is Teiripeoir Saothair Sinsearach i gCúram Príomhúil in Inis, Co an Chláir, í Iníon Doyle. Fuair sí BSc (Onóracha) i dTeiripe Saothair ó Choláiste Leighis Ollscoil na Breataine Bige i Cardiff, An Bhreatain Bheag i 1997. Tar éis di cáiliú d’oibrigh sí san Albain agus san Astráil sular fhill sí ar Éirinn. D’oibrigh Niamh i suíomhanna éagsúla lena n-áirítear cúram géarmhíochaine ospidéil, athshlánú fisiceach, idirghabháil luath (péidiatraic) agus tá sí ina post reatha i gcúram príomhúil ó 2007.

Tá Niamh ina ball de ghrúpa athbhreithnithe Áiseanna agus Fearais an Iarthair Láir agus bhí sí ina ball de choiste a raibh baint aige le bunú na Seomraí Acmhainne Teicneolaíochta Cuimhne i CHO3 (réigiún an Iarthair Láir) i 2018. Tá spéis ar leith aici sa Mhaoirseacht Chliniciúil agus sa Ghalar Néarón Luadrach agus chuir sí leis an Iris Connect a d’fhoilsigh Cumann Néarón Luadrach na hÉireann.

Ceapadh ar Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga

Tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., mar bhall de Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga, ar a toghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 3 Samhain 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024:

Iníon Maeve Cleary

Is bainisteoir Teiripeoir Urlabhra agus Teanga í Maeve Cleary le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gCúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt. Is teiripeoir urlabhra agus teanga cleachtach í ó 1993. Tá BSc aici i Staidéar Cliniciúil Urlabhra agus Teanga ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) agus MSc i Staidéar Cliniciúil Urlabhra agus Teanga ó Choláiste na Tríonóide i 2000.

Bhí Maeve ina hionadaí Teiripeoir Urlabhra agus Teanga ar an bpróiseas tagarmharcála Náisiúnta do SLT i 2002-2004 agus bhí sí ar an gcoiste Bailíochtaithe IASLT ó 2010 go dtí tús CORU i 2016.

Tá Maeve ina ball freisin den Réamhchoiste Imeachtaí, CORU ó 2016.

Faoi láthair oibríonn Maeve i gceantar Cheatharlaigh/Chill Chainnigh i ról an Bhainisteora SLT do gach gné de sheirbhísí SLT sa dá chontae, lena n-áirítear: Cúram príomhúil, Míchumais, Daoine scothaosta, Ospidéal Géar, Meabhairshláinte agus Cúram Cónaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat