Ceapadh Iníon Eleanor O'Neill ar Bhord Sláinte Leanaí Éireann Samhain 2020
- Foilsithe: 25 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. tar éis Iníon Eleanor O’Neill a cheapadh ar Bhord Sláinte Leanaí Éireann ón 16ú Samhain 2020 go dtí an 3ú Nollaig 2023 ar a hainmniú ag Sláinte Leanaí Éireann tar éis feachtais phoiblí don phost.
Iníon Eleanor O’Neill
Is Feidhmeannach Sinsearach agus Comhalta Boird a bhfuil an-taithí aici í Iníon O’Neill agus d’éirigh go hiontach ar fad léi go dtí seo i gceannas ar gach gné de Chlaochlú Gnó agus í ag obair do roinnt eagraíochtaí ilnáisiúnta san Earnáil Teicneolaíochta. I measc na réimsí saineolais atá aici, tá forbairt agus cur i bhfeidhm tionscnamh straitéiseach ag Leibhéal an Bhoird, cumaisc agus éadálacha, ceannaireacht feidhmiúcháin chomh maith le Rialachas Corparáideach agus Comhlíonadh. Is cumarsáidí den scoth í a thógann caidrimh oibre láidre le comhghleacaithe ag gach leibhéal den ghnó agus is speisialtóir Bainistíochta Athraithe í a bhfuil treoir agus léargas saineolach curtha ar fáil aici ar bhonn seasta d’eagraíochtaí mar chomhalta Feidhmiúcháin agus Neamhfheidhmiúcháin de roinnt Bord.