Ceaptar naonúr comhalta tuata ar 6 Bhord Clárúcháin agus ar Chomhairlí faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005:
- Foilsithe: 12 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I ndiaidh feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá na comhaltaí a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar na Boird Clárúcháin seo:
An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh - Dara Purcell
Tá Dara Purcell ag obair le os cionn 30 bliain anuas ag leibhéal ardbhainistíochta i roinnt Ranna Rialtais, lena n-áirítear Tithe an Oireachtais, agus sna Seribhísí Sláinte. Faoi láthair, tá sé ina Rúnaí Corparáideach d’Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus lena chois sin, tá sé ina Cheannasaí Feidhmeannach d’Oifig na Seirbhísí Dlí laistigh de FSS.
Is Aturnae Cáilithe agus Rúnaí Cairte é leis an Institiúid Chairte Rialachais. Tá céim Máistir aige sa Dlí Eorpach (LLM), céim Máistir i mBainistíocht Cúram Sláinte agus Dioplóm i gCeannaireacht agus Cáilíocht sa Chúram Sláinte.
Mairfidh an ceapachán seo ó 21 Márta 2023 go dtí 20 Márta 2027 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh – Seán O’Dubhlaing
Is comhalta tofa de Chomhairle Múinteoireachta na hÉireann é Seán Ó Dubhlaing atá ag dul as oifig. Tá baint aige le maoirseacht airgeadais, rialú maidir le grinnfhiosrúchán, agus clárú múinteoirí Éireannacha. D’oibrigh sé le 38 bliain sa bhunscolaíocht, san oideachas riachtanas speisialta, sa riarachán poiblí, i gceardchumainn agus in eagraíochtaí pobail/spóirt/deonacha at leibhéil náisiúnta/réigiúnacha/áitiúila. Bhain Seán céim amach as na hinstitiúidí a leanas agus rinne sé taighde iontu - UCD, DCU agus Ollscoil Mhá Nuad - san Oideachas, i gCeannaireacht, Rialachais, sa Ghrinnfhiosrúchán, i Rialachas Airgeadais agus Cosaint Sonraí, agus tá sé i gceist aige, nuair a bheidh sé ar scor, staidéar a dhéanamh ar Iniúchadh agus Comhlíonadh Riosca, agus cibearshlándáil. Tacaíonn sé leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil go pearsanta agus go gairmiúil, agus déanann sé cleachtadh orthu.
Mairfidh an ceapachán seo ó 27 Márta 2023 go dtí 26 Márta 2027 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh – Mercy Eniola Bash
D’athlonnaigh Mercy Bash go hÉirinn lena clann mar dhéagóir. Ó shin tá céim baitsiléara bainte amach aici agus cháiligh sí mar chuntasóir cairte. Tá an-chuid taithí ag Mercy i gcúrsaí cuntasóireachta agus san airgeadas. D’oibrigh sí mar shainchomhairleoir príobháideach agus do chomhlachtaí ilnáisiúnta sna tionscail TF, Sláinte agus Airgeadais. Tá sí pósta agus tá beirt pháistí aici.
Mairfidh an ceapachán seo ó 27 Márta 2023 go dtí 26 Márta 2027 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha – Aoife Kelly Desmond
Is Aturnae Bainistíochta í Aoife Kelly-Desmond san Ionad Acmhainní Mercy Law, ionad dlí neamhspleách a chuireann comhairle dlí ar fáil saor in aisce agus a dhéanann ionadaíocht ar son daoine atá i mbaol a n-áit chónaithe a chailliúint. Roimhe sin bhí sí ag obair mar aturnae in A&L Goodbody agus Matheson, áit ar thug sí comhairle d’eintitis tráchtala agus do chomhlachtaí poiblí ar fhiosrúcháin, ar chúrsaí rialachais agus ar chonspóidí casta dlíthíochta. Tá sí ina Cathaoirleach ar Plean Idirnáisiúnta Éireann, carthanas forbartha idirnáisiúnta a chuireann cearta leanaí agus comhionannas do chailíní chun cinn.
Le cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha – Caoimhe Gleeson
Is Bainisteoir Ginearálta í Caoimhe Gleeson ag Oifig Náisiúnta FSS do Chearta Daonna agus Polasaí Comhionannais. Is é an príomhról atá aici ná polasaí náisiúnta agus treoir a fhorbairt ar chúrsaí a bhaineann leis an reachtaíocht Cearta Daonna agus Comhionannais, lena n-áirítear
An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015, an tAcht um Chearta an Duine agus Comhionannais 2014, Polasaí Náisiúnta FSS maidir le Comhthoiliú agus an tAcht um Míchumas 2005. Tá céim baitsiléara aici mar aon le céim máistir san Fhorbairt Phobail, dioplóm gairmiúil i gCearta an Duine agus Comhionannas. Is idirghabhálaí cáilithe í agus faoi láthair tá sí ag staidéar le haghaidh Céim Dlí chun bheith ina habhcóide ag Óstaí an Rí. Tá sí ina comhalta ar an gCoiste Náisiúnta um Thaighde san Eitic maidir le Trialacha Cliniciúla. I measc na dtopaicí taighde is suim di, áirítear saoirsí sibhialta a chosaint, toiliú feasach, cleachtadh ina bhfuil tuiscint ar thráma ann, agus forbairt ghairmiúil leanúnach.
Mairfidh na ceapachán seo ó 28 Márta 2023 go dtí 10 Marta 2027.
Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine – Sheila McGuinness
Is ceannaire fuinniúil í Sheila McGuinness a dhíríonn ar thorthaí. Tá sí ag obair le os cionn 30 bliain i dtimpeallachtaí casta sa chúram sláinte ina gcuimsítear seirbhísí náisiúnta agus réigiúnach araon. Bhí iliomad ról aici sa bhainistíocht altranais, i mbainistíocht tionscadail agus mar bhainisteoir gnó in ospidéal géarmhíochaine leibhéal 4. Bhí sí ina Stiúrthóir Altranais in Ospidéal Beaumont ar feadh 5 bliana, ina Príomhstiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais ar feadh bliana amháin, agus ina Príomhoifigeach Oibríochtaí ar feadh 6 bliana i nGrúpa Ospidéal Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn. Le déanaí, ghlac sí ról náisiúnta mar Stiúrthóir Rochtana ag rannán FSS a dhéileálann le hObráidí Géara. Tá MA ag Sheila sa Bhainistíocht Chúram Sláinte, tá MSc aici sa Cheannaireacht agus tá oiliúint déanta aici mar oide feidhmiúcháin.
Mairfidh an ceapachán seo ó 28 Márta 2023 go dtí 8 Samhain 2026 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na Radagrafaithe – Margaret Hughes
Is dlíodóir í Peggy Hughes a bhfuil saineolas aici ar phinsin. Tá cáilíochtaí iarchéime aici sa Dlí Airgeadais Fheidhmeach agus in iontaobhas pinsin gairmiúil. Tá léachtaí tugtha ag Peggy i nDlí-Chumann na hÉireann ar phinsin, agus is iomaí bord agus coiste gairmiúil eile a raibh sí orthu. Chuaigh sí faoi oiliúint chun bheith ina altra agus d’oibrigh sí mar altra ginearálta cláraithe. Bhí sí ina bainisteoir ar aonad máinliachta lae gnóthach in ospidéal ar an taobh thuaidh de Londain sular aistrigh sí go dtí an dlí. Ina theannta sin, tá cáilíocht ag Peggy chun altraí a mhúineadh agus a mheas sa chleachtadh cliniciúil agus thug sí léachtaí i Scoil Altranais London Thuaidh le linn an ama sin.
Is ball gníomhach í den choiste Éagsúlachta agus Ionchuimsithe sa ghnólacht dlí ina bhfuil sí agus tá sí ar an gcoiste Líonra Dlí um Míchumas. Tá suim phearsanta an-mhór aici i gcúrsaí cúraim sláinte agus míchumais. Tá mórán scil, taithí agus saineolas ag Peggy a thagann ón gcúlra pearsanta agus gairmiúil atá aici, rud a chabhraíonn léi ionadaíocht a dhéanamh ar leas an phobail i gcoitinne.
Mairfidh an ceapachán seo ó 28 Márta 2023 go dtí 23 Eanáir 2026 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga – Avril Sheridan
Is Aturnae cáilithe í Avril a bhfuil 22 bliain taithí dlíthíochta aici an an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Rinne sí ionadaíocht ar chliaint i ngach réimse den Dlí Sibhialta ag gach leibhéal Cúirte. I rith an ama sin, bhí sí ar mhórán Coistí agus Grúpaí Oibre ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, mar Chathaoirleach agus mar Ghnáthbhall.
Bhí Avril ar an mBord mar Stiúrthóir d’fhochuideachta de Ghrúpa Baincéireachta Lloyds, áit a raibh baint dhíreach aici an clár Rialachas Corparáideach a leagan síos agus riosca a íoslaghdú. Roimhe sin, bhí sí ina Feidhmeannach Baincéireachta Sinsearaigh agus ba í an Príomhbhainisteoir Tionscadail ar roinnt tioscadail casta agus d’éirigh léi iad go léir a chur i gcrích i gceart. Faoi láthair, tá siad ag cleachtadh mar Idirghabhálaí agus Éascaitheoir Deimhnithe.
Tá Dioplóm Iarchéime ag Avril i Scileanna Breithiúnacha ón Dlí-Chumann agus faoi láthair tá Dioplóm Iarchéime ar siúl aici le hÓstaí na Rí i gCinnteoireacht Ghar-Bhreithiúnach. Tá sí ar roinnt Coistí i gcomhlachtaí rialála. Tá ceapacháin aici le CORU ar an gCoiste Réamh-Imeachtaí agus ar an mBord Achomhairc. Ceapadh í freisin ar an mBord Athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta den Chomhlacht Cuntasóireachta Cairte.
Mairfidh an ceapachán seo ó 28 Márta go dtí 13 Feabhra 2024 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bord Clárúcháin na mBia-Eolaithe – Susan Temple
Tá 40 bliain taithí ag Susan Temple sa tseirbhís sláinte poiblí. Le linn an ama sin, bhí roinnt róil ceannasaíochta agus bainistíochta straitéiseacha aici i Seirbhísí Ospidéil Géarmhíochaine agus Pobail. Ceapadh í mar Bhainisteoir Ginearálta Ospidéil Géarmhíochaine sa bhliain 2001 agus mar Bhainisteoir Ginearálta le haghaidh Cáilíochta agus Sábháilteachta Othar agus Feabhas ar Sheirbhísí ag leibhéal Grúpa Ospidéal sa bhliain 2015.
Bhronn an IPA Teastas sa Rialachas ar Susan sa bhliain 2018. Bhronn an RCPI Dioplóm sa Cheannaireacht uirthi sa bhliain 2016 agus fuair sí MBA ó Ollscoil Coventry sa bhliain 2002. Lena chois sin, tá Dioplóm Deimhnithe sa Chuntasóireacht agus Airgeadas (ACCA) aici agus Dioplóm i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte.
Mairfidh an ceapachán seo ó 28 Márta go dtí 13 Feabhra 2024 agus fuarthas cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.