Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceathrar comhalta a athcheapadh chuig an mBinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID

Tá na comhaltaí a leanas den Bhinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID athcheaptha ag an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. Beidh éifeacht ag na hathcheapacháin seo ó 28 Deireadh Fómhair 2022 go dtí 27 Deireadh Fómhair 2024.

An tUasal Joseph O’Sullivan

Tá Joseph O’Sullivan ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 1997. Is iad na príomhréimsí ina mbíonn sé ag cleachtadh ná an tAthbhreithniú Breithiúnach/Dlí an Riaracháin, an Dlí Tráchtála agus Faillí Ghairmiúil. Is comhalta é de Chomhairle Bharra na hÉireann agus is é an Chathaoirleach ar Choiste um Chearta Daonna an Bharra.

An tUasal Adrienne Cawley

Glaodh chun an bharra í Adrienne Cawley BL sa bhliain 1994. Is abhcóide í atá ag cleachtadh a gairme i réimsí an dlí teaghlaigh, an dlí réadmhaoine, an dlí tiarna talún agus tionóna, agus an dlí probháide.

An tUasal John Healy

Tá John Healy SC ag cleachtadh sna Ceithre Cúirteanna ó 1999 agus tá taithí shuntasach aige i réimsí na dlíthíochta shibhialta, an dlí leighis, an dlí bunreachtúil, agus an athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Tá roinnt leabhar dlí údarásacha scríofa aige freisin, lena n-áirítear Medical Malpractice Law (Thomson Roundhall, Brehon Library, 2008) agus The Irish Laws of Evidence (Roundhall, 2004).

An tUasal Stephen Boggs

Is céimní d’Ollscoil Luimnigh é Stephen Boggs BL agus de Chumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é in 2005 agus tá sé ina chomhalta den Leabharlann Dlí ó shin. Bíonn Stephen ag cleachtadh go príomha i réimse na Dlíthíochta Shibhialta ag gach leibhéal de chóras na gCúirteanna. Tá blianta de thaithí ag Stephen sa chinnteoireacht, mar chomhalta reatha de Bhinsí reachtúla. Tá cónaí air I mBaile Átha Cliath lena chlann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat