Comhairliúchán poiblí maidir leis an reachtaíocht a ghabhann leis an díol táirgí tobac agus le córais seachadta nicitín neamh-íocshláinte, lena n-áirítear r-toitíní

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Comhairliúchán poiblí maidir leis an reachtaíocht a ghabhann leis an díol táirgí tobac agus le córais seachadta nicitín neamh-íocshláinte, lena n-áirítear r-toitíní

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Samhain 2014
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ba mhaith linn do thuairimí a fháil maidir leis an reachtaíocht a ghabhann leis an díol táirgí tobac agus le córais seachadta nicitín neamh-íocshláinte (NMNDS), lena n-áirítear r-toitíní

Tá mionsonraí faoi na bearta leagtha amach inár bpáipéar comhairliúcháin thíos.

Tobacco & NMNDS Consultation Questionnaire
Amharc amharc

Is féidir do thuairimí a chur isteach ar líne. Más fearr leat cóip chrua den pháipéar comhairliúcháin agus den cheistneoir a léamh, cuir ríomhphost chugainn ag tobaccoconsultation@health.gov.ie nó scríobh chugainn ag:

Comhairliúchán maidir le Tobac agus NMNDS

Aonad Rialaithe Tobac agus Alcóil

An Roinn Sláinte

Áras Hawkins

Sráid Hawkins

Baile Átha Cliath 2

Is é Dé hAoine, 16 Eanáir 2015 an dáta deiridh le haghaidh na barúlacha. Beidh an suirbhé ar líne oscailte go dtí meán oíche an lá sin. Glacfar le freagraí a bhfuil an dáta deiridh marcáilte orthu. Is féidir linn glacadh le freagraí arna seachadadh de láimh suas go dtí deireadh an ghnó ar an dáta sin.

Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha nó atá curtha isteach gan ainm.

Ullmhófar tuarascáil chomhairliúcháin agus foilseoimid í ar ár suíomh Gréasáin.

Tagann gach uile aighneacht a fhaigheann an roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) agus féadfar iad a scaoileadh mar fhreagairt ar iarratas um Shaoráil Faisnéise. Foilsímid freagraí ar iarratais um Shaoráil Faisnéise ar líne.

Coinneofar faisnéis inaitheanta phearsanta a sholáthraíonn iarratasóir don Roinn Sláinte de réir an Achta um Chosaint Sonraí 1988, agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2003. Ní choimeádfaidh an roinn í ach chun críocha follasacha dlisteanacha, ní dhéanfaidh sí í a phróiseáil ach ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na críocha ar tugadh í don roinn i dtosach, coinneoidh sí slán sábháilte í, agus coinneoidh sí í a thuilleadh ná mar is gá chun na críche sonraithe nó críocha. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar an gCosaint Sonraí i dtaca leis an roinn seo.

Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chugainn ag tobaccoconsultation@health.gov.ie

Féach ár mbeartas rialaithe tobac, Éire Saor ó Thobac, anseo.

Féach ár straitéis chun muintir na hÉireann a chur ar an dea-shláinte anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat