English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

COVID-19 (An Coróinvíreas)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cad atá ag tarlú faoi láthair?

Tá Pleananna Sláinte Poiblí agus Éigeandála cuimsitheacha i bhfeidhm in Éirinn chun freagairt a thabhairt do na fadhbanna atá sa tsláinte poiblí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le gníomhairí tógálacha nua, leithéidí COVID-19 (an Coróinvíreas). Tá siad siúd cothrom le dáta agus tá cleachtadh déanta orthu. Baineadh úsáid as na Creataí seo roimhe seo chun éigeandálaí ar nós phaindéim Fhliú na Muc, SARS agus Ebola a bhainistiú.

Tháinig an Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile Dé Máirt, an 11 Feabhra, sa Roinn Sláinte, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí agus ar an treoir idirnáisiúnta atá ar fáil maidir le ráig COVID-19 (an Coróinvíreas) i gCúige Hubei na Síne, agus chun ullmhacht leanúnach na hÉireann a athbhreithniú ar aon dul leis an gcomhairle ón WHO agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile arís Dé Máirt, an 18 Feabhra.

Tá an tIonad Faireachais um an tSláinte Poiblí agus an tIonad Faireachais um an gCosaint Sláinte san FSS ag déanamh monatóireachta ar staid cúrsaí maidir le COVID-19 (an Coróinvíreas) ón am ar chuir an WHO iad ar an eolas maidir leis.

Tá Grúpa Pleanála agus Comhordaithe Ard-Iarmhairtí um Ghalair Thógálacha an FSS (HCID) ag obair ar bhonn mionsonraithe ar an gceist seo ó thús mhí Eanáir go dtí seo, agus tá pleananna mionsonraithe curtha i bhfeidhm ag an ngrúpa sin chomh maith le treoir agus faisnéis a bheith curtha amach ar fud na seirbhíse sláinte mar bheart ullmhúcháin. Tá an grúpa seo ag teacht le chéile trí huaire in aghaidh na seachtaine agus athróidh siad an sceideal seo de réir mar is cuí.


Ceisteanna Coitianta

**Cad is COVID-19 (An Coróinvíreas) ann?

Tinneas riospráide nua is é COVID-19 (an Coróinvíreas) nach bhfacthas riamh roimhe seo i ndaoine. Is féidir le daoine a bheith ionfhabhtaithe le córóinvíris a thagann ó ainmhithe.

Tugtar an coronavirus nua ar an gcineál seo de choronavirus, chomh maith le Coróinvíreas 2019-vCoV, Coróinvíreas nua Wuhan nó fiú coróinvíreas Wuhan.

Siomptóim COVID-19 (an Choróinvíris)

I measc siomptóim COVID-19 (an Choróinvíris) a mbíonn ag daoine go minic áirítear:

  • An Chasacht
  • An Ghearranáil
  • Deacrachtaí chun anáil a tharraingt
  • Fiabhras
  • Teas ard a bheith ionat (38 céim Celsius nó os a chionn sin)

I measc na comharthaí níos déine den ionfhabhtú a d’fhéadfadh a bheith ann, áirítear:

  • An Niúmóine
  • Géarshiondróm trom riospráide
  • An cliseadh duánach

**Conas a scaiptear is COVID-19 (an Coróinvíreas)?

Scaiptear COVID-19 (an Coróinvíreas) nuair a théitear i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil an víreas air. Is féidir é a scaipeadh tríd an gcasacht agus an sraothartach. D’fhéadfá é a fháil má théann tú i dteagmháil le dromchlaí a bhfuil braoiníní den víreas orthu freisin. Faoi láthair na huaire, níl a fhios againn an oiread is atá an víreas scaipthe idir dhaoine.

Tú féin a chosaint ó COVID-19 (An Coróinvíreas)

  • nigh do lámha go minic le díghalrú lámh alcól-bhunaithe nó le gallúnach agus uisce
  • agus tú ag casacht agus ag sraothartach, clúdaigh do bhéal agus do shrón le d’uilleann nó le ciarsúr - caith amach an ciarsúr láithreach bonn agus nigh do lámha
  • seachain an dlúth-theagmháil le haon duine ar bith a bhfuil fiabhras nó casacht air
  • sa chás go bhfuil fiabhras agus casacht ort, agus deacracht agat chun anáil a tharraingt, cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh (ná tabhair cuairt air ina ionad) agus inis dó más rud é go raibh tú sa tSín le 14 lá anuas
  • ba cheart táirgí ainmhithe amha nó tearc-chócaráilte a sheachaint. Ba chóir feoil amh, bainne nó orgáin ainmhithe a láimhseáil go cúramach, chun an tras-éilliú le bianna nach bhfuil cócaráilte a sheachaint, de réir an dea-chleachtas sábháilteachta bia

Cad is Éigeandáil Sláinte Poiblí atá Imní Idirnáisiúnta Ann Faoi?

Déardaoin, an 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh Coiste Éigeandála um na Rialacháin Idirnáisiúnta Sláinte (2005) san Eagraíochta Sláinte Domhanda go gcomhlíonann an ráig Coróinvíris na critéir le haghaidh Éigeandála Sláinte Poiblí Arb Ábhar Imní Ar Leibhéal Idirnáisiúnta Í (PHEIC).

Mar gheall ar an rangú sin, tugtar le fios go bhfuil teagmhais ann:

  • atá tromchúiseach, tobann, neamhghnách, nó gan choinne
  • a bhfuil tionchar aici ar shláinte an phobail thar theorainn náisiúnta an Stáit faoi chaibidil
  • féadfar go mbeidh gníomh idirnáisiúnta ag teastáil láithreach

Bhíothas ag súil leis an dearbhú sin, in Éirinn, nuair a tugadh é, de réir an mheasúnú leanúnach a bhí á dhéanamh ag an Fhoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Sa dearbhú, tá béim leagtha ar thábhacht na hullmhachta agus na bpleananna atá i bhfeidhm cheana féin in Éirinn.

In Éirinn, táimid i ndea-riocht chun cásanna de COVID-19 (an Córóinvíreas) a tharlaíonn anseo a bhrath agus freagairt a thabhairt dóibh.

**Cén áit is féidir tuilleadh comhairle a fháil?


An Nuacht Is Deireanaí


Téarmaí Tagartha

National Public Health Emergency Team (NPHET) for COVID-19: Terms of Reference
Amharc amharc

Miontuairiscí Cruinnithe

NPHET COVID-19 Meeting Note - 4th February 2020
Amharc amharc
NPHET COVID-19 Meeting Note - 30th January 2020
Amharc amharc
NPHET COVID-19 Meeting Note - 27th January 2020
Amharc amharc