Cuireadh d’iarratasóirí ar phost mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta sa Chúram Sóisialta don tréimhse 2019-2020

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Cuireadh d’iarratasóirí ar phost mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta sa Chúram Sóisialta don tréimhse 2019-2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chun tacú leis an gcinnteoireacht bunaithe ar an fhianaise, tá an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach ag earcú taighdeoir iardhochtúireachta seachtrach - cúram sóisialta ar iasacht don Roinn Sláinte 2019-2020.

Stádas an Phoist 12 mhí ar a laghad agus síneadh féideartha suas go 18 mí, téarma seasta, lánaimseartha.

Dáta Deiridh agus Am Deiridh: 5 i.n., an 25 Samhain 2019

Ionad

Beidh conradh fostaíochta le Middlequarter Ltd, ceann de chomhpháirtithe HAPAI, ag an té a cheapfar, ach beidh sé ag obair i gcuideachta leis an fhoireann in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte, atá lonnaithe i Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 XW14.

Uaireanta:

37 uair/seachtain

Tuarastal

Déanfar an ceapachán ar scála Tuarastail an IUA ag pointe ar aon dul leis an taithí - Scála pá Chumann Ollscoile na hÉireann Iar-Dhochtúireachta, Leibhéal 2.

An Té Faoina mBeifear ag Obair:

An Dr Sarah Gibney, Aonad na Seirbhíse Taighde agus Beartais, an Roinn Sláinte

Critéir Riachtanacha

Cáilíocht ar leibhéal Dochtúireachta a bheartas sóisialta, nó i réimsí na sláinte nó an chúraim shóisialta. Taithí ar anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil ag baint úsáide as bogearraí cuí. Foilseacháin (tuarascálacha taighde, ailt irise srl.) ar aon dul leis an taithí. Scileanna idirchumarsáide láidre. Cumas chun tionscadail taighde casta a bhainistiú agus chun a bheith in ann obair go héifeachtach mar chuid d’fhoireann.

Critéir inmhianaithe

Taithí roimhe seo i suíomhanna taighde cúraim shóisialta fheidhmeach ina raibh caidreamh ann leis an lucht déanta beartas, le comhlachtaí ionadaíocha agus le grúpaí sainleasa.

An Nós Imeachta Chun Iarratas a Dhéanamh

Cuir isteach do Curriculum Vitae i ríomhphost, agus litir chlúdaigh leis, agus breactha amach ann an fáth a bhfuil tú oiriúnach don phost, chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie nó sa

PHOST: HaPAI F/Ch An tAonad Seirbhísí Taighde & Beartais, an Roinn Sláinte, Bloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, D02 XW14

Tá sé beartaithe go mbeidh na hagallaimh ar siúl an tseachtain dar tosach an 2 Nollaig 2019.

Nóta: Ní mór do na hiarratasóirí a bheith i dteideal obair in Éirinn de réir an dlí.

Cúlra an Tionscadail

Tá muintir na hÉireann ag fanacht ina mbeo níos faide ná mar a bhí riamh go dtí seo, agus léirítear leis sin an méid atá bainte amach againn mar shochaí agus go háirithe an bealach a bhfuil an córas cúraim shóisialta ag cur leis an líon blianta a bhfuil daoine ag fanacht ina mbeo. Is é an sprioc atá againn ná cúram agus tacaíocht a sholáthar ag an leibhéal castachta is ísle, chomh gar don bhaile an duine féin agus is féidir, agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine maireachtáil go neamhspleách ina bpobail féin, a oiread is gur féidir. Chun cur leis an gcaighdeán beatha sna blianta breise sin atá bainte amach againn, ní mór dúinn díriú ar idirghabhálacha agus tacaíochtaí luatha éifeachtacha a bheith tugtha isteach ar bhealach córasach.

Cuimsítear leis an raon feidhme beartais reatha don chúram sóisialta in Éirinn an cúram baile, an cúram cónaithe, agus an cúram maolaitheach agus tacaíochtaí pobail do dhaoine scothaosta agus dóibh siúd chomh maith atá faoi mhíchumas. Chomh maith le próifíl aosaithe an daonra i gcoitinne a aithint ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil próifíl aoise na ndaoine faoi mhíchumas ag athrú agus méadú 173% tagtha ar an líon daoine os cionn 55 bliana faoi atá faoi mhíchumas intleachtúil ó bhí 2002 ann. Bíonn níos mó míchumais ann de réir mar a théann an daonra in aois tá sé léirithe i dtáscairí HaPAI go mbeidh beagnach 50% den daonra faoi mhíchumas ag 75 bliana d’aois.

Beidh gá le hathrú suntasach chun an fhís atá ag Sláintecare don chúram sláinte a bhaint amach, maidir le samhlaí cúraim a dhearadh a bheidh in ann freastal ar riachtanais iomlánaíoch grúpaí éagsúla daoine, chomh maith leis an mbealach a sholáthraítear an cúram a athrú i ngach uile láithreán - sa bhaile, sa phobal agus san ospidéal. Tá gá le córas atá comhtháite i dtéarmaí gach céim de shaol an duine.

Tacaíonn an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach leis an ról seo; tá sé comh-mhaoinithe ag The Atlantic Philanthropies, an Roinn Sláinte, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (An Rannán Sláinte agus Folláine), agus Middlequarter Ltd. Is clár taighde, monatóireachta agus measúnaithe agus bainistíochta eolais comh-mhaoinithe é HaPAI.

Is éard is cuspóir an Tionscnaimh ná ceann de chuspóirí na Straitéise Náisiúnta um an Aosú Dearfach (NPAS) a chomhlíonadh, is é sin

‘tacú leis an taighde faoi dhaoine ar dhaoine de réir mar a théann siad in aois, agus an taighde sin a úsáid chun freagairtí beartais ar aosú an daonra in Éirinn a threorú ar bhealach níos fearr’.

Ina dhiaidh sin, tá an NPAS nasctha leis an tionscnamh um Éire Shláintiúil ar seoladh é in 2013 agus trína bhfuil creat agus tacar gníomhartha curtha ar fáil ar fud na ngníomhaireachtaí agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha go léir, lena ndéantar aitheantas ar an ngá atá ann le féachaint ar an tsláinte agus an fholláine mar chontanam ar feadh chúrsa an tsaoil. Is féidir na sonraí ar fad maidir leis an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach a fháil ag www.hapai.net.

Cur síos ar an Ról

Tá an ról seo arna thacú ag an HaPAI dírithe ar thaighde agus ar fhianaise chun an cúram sóisialta a chur chun cinn in Éirinn agus beidh obair thar theorainneacha réimsí éagsúla i gceist leis. Beidh conradh fostaíochta le Middlequarter Ltd, ceann de chomhpháirtithe HAPAI, ag an té a cheapfar, ach beidh sé ag obair i gcuideachta leis an fhoireann in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais na Roinne Sláinte, atá lonnaithe i mBloc 1, Miesian Plaza, 50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 XW14 Beidh sealbhóir an phoist ag obair faoi mhaoirseacht an Phríomhoifigigh Cúnta, an Dr Sarah Gibney agus beidh sé ag déanamh obair go dlúth i gcomhar le baill foirne ón Rannán Cúraim Shóisialaigh.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí i dtimpeallacht taighde feidhmeach le deiseanna tuilleadh oiliúna a fháil. Beidh cur amach ag an té a cheapfar ar mhodheolaíochtaí agus ar theicnící anailíseacha a theastaíonn chun fianaise ar ardchaighdeán a sholáthar d’fhonn bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir leis an mbeartas agus straitéisí. Beidh scileanna eagrúcháin, idirphearsanta, anailíse agus scríbhneoireachta den scoth ag an té a cheapfar agus beidh sé in ann aschur ardchaighdeáin a bhainistiú agus a sheachadadh go rathúil do an-chuid lucht léachta éagsúla agus d’úsáideoirí eolais éagsúla ar aon. Beidh an post seo oiriúnach do thaighdeoir idirdhisciplíneach. Molaimid go háirithe dóibh siúd a bhfuil taithí acu ar an taighde ar an aosú iarratas a dhéanamh, cé go bhfuilimid ag iarraidh iarratasóirí ó chúlraí taighde eile freisin.

Dualgais & Freagrachtaí Is Mó Tábhacht:

  • Dul i mbun taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla ainmnithe ar na tionscadail a bhaineann leis an gcúram sóisialta agus leis an aosú dearfach, nó comhordú a dhéanamh air sin; agus an dearadh taighde, an anailís sonraí, agus tuarascálacha a ullmhú a shainaithnítear sa phlean gnó.
  • Tacaíocht taighde a chur ar fáil do na haonaid bheartais agus don fhorbairt beartais:
  • Comhairle a thabhairt ar an dearadh taighde agus modheolaíochtaí oiriúnacha a aithint le haghaidh tograí agus pleananna tionscadail beartais;
  • Comhairle a chur ar fáil maidir leis an dearadh agus cuidiú le seachadadh agus le torthaí an idirchaidrimh le geallsealbhóirí;
  • Comhairle a thabhairt maidir le forbairt creataí meastóireachta agus torthaí;
  • Scóip, anailísiú agus tuairisciú sonraí suirbhéireachta agus riaracháin;
  • Mionteagaisc thaighde théamacha agus bheartais a tháirgeadh;
  • Na sonraí náisiúnta do réimsí beartais éagsúla a amharcléiriú.

Dualgais Bhreise:

  • Imeachtaí scaipthe eolais: cur go gníomhach le himeachtaí nó le heagrúchán gníomhaíochtaí atá dírithe ar aschuir Tionscnaimh a chur in iúl agus a scaipeadh;
  • An Bhainistíocht Eolais: Páirt ghníomhach a ghlacadh san iarracht chun na gníomhaíochta taighde go léir a chur chun cinn agus léargas agus eispéiris taighde a chur in iúl do na comhpháirtithe tionscadail, i gcruinnithe agus i seimineáir, mar shampla, agus trí ábhair foghlama agus forbartha (L&D) a fhorbairt.

Cáilíocht (riachtanach)

  • Cáilíocht iarchéime (PhD) i ndisciplín sláinte nó cúraim shóisialta ábhartha. Ní chuirfear iarrthóirí nach bhfuil a PhD críochnaithe fós acu san áireamh. Ról lánaimseartha atá i gceist leis seo nach ligtear don oibrí a PhD a chríochnú ag an am céanna a bhfuil sé ag obair.

Saineolas agus Taithí (riachtanach)

  • Tuiscint ar an chóras sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann léirithe, go háirithe maidir le haosú an daonra;
  • Dearadh taighde modhanna measctha le haghaidh na bainistíochta tionscadail beartais agus taighde;
  • Scileanna taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla den scoth agus bogearraí oiriúnacha á n-úsáid chuige sin (leithéidí Stata, SPSS, R, MaxQDA) agus a bheith in ann é sin a léiriú
  • Scileanna eagrúcháin, cumarsáide, idirphearsanta agus cur i láthair den scoth
  • Cumas torthaí taighde a scaipeadh i bhformáidí atá inrochtana do lucht léite éagsúla
  • An bhainistíocht tionscadail taighde;
  • Taithí ar a bheith ag déanamh comhoibre taighde trasearnála agus an cumas chun bealaí cumarsáide éifeachtacha a fhoirmiú.

Saineolas agus Taithí (inmhianaithe)

  • Taithí ar a bheith ag déiláil le grúpaí sainleasa agus leis an lucht déanta beartas;
  • Taithí ar imeachtaí a eagrú (comhdhálacha, seimineáir, fócasghrúpaí agus a leithéid);
  • Taithí ar an léirshamhlú sonraí.

Tuilleadh faisnéise agus fiosrúcháin neamhfhoirmiúla

Is fostóir comhdheiseanna é an Tionscnamh um Aosú Sláintiúil agus Dearfach. Mairfidh an conradh ar feadh 12 mhí ar a laghad, bunaithe ar sheachtain 37 uair an chloig. D’fhéadfadh gá a bheith ann a bheith ag obair uaireanta frithshóisialta ó am go chéile.

Fiosrúcháin neamhfhoirmiúla chuig: ResearchServicesUnit@health.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat