Fógra faoi cheapachán Claire Hogan ar Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
- Foilsithe: 22 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ar Ainmniú an Bhoird Cláraithe Radagrafaithe, cheap an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) le héifeacht ón 18 Nollaig 2020 go dtí 23 Eanáir 2022:
Claire Hogan
Is as Maigh Rua i gContae Luimnigh ó dhúchas do Claire agus tá cónaí uirthi agus oibríonn sí i gCathair Chorcaí anois. Bhain sí cáilíocht amach ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1995 nuair a fuair sí Céim Bhaitsiléara sa Radagrafaíocht. Le linn a hoiliúna ollscoile, bhunaigh sí an Cumann Radagrafaíochta agus toghadh í ina hOifigeach Comhionannais in Aontas na Mac Léinn.
I rith na gcéad 5 bliana de ghairm Claire, d'oibrigh sí in Ospidéal Mater agus Ospidéal Beaumont sular ghlac sí le ról in Ospidéal Ollscoil Chorcaí (CUH). Sa ról sin, bhí páirt ag Claire in oideachas na radagrafaithe faoi oiliúint a bhí ar socrúchán in CUH. Rinne sí maoirseacht orthu, thug sí spreagadh dóibh agus theagasc sí cleachtas na radagrafaíochta dóibh. Anuas air sin, d'fhorbair sí sainscileanna i Míochaine Núicléach, Saotharlann Chataitéaraithe, Saotharlann Néarashoithíoch agus Saotharlann Ghinearálta Shoithíoch.
Tá tuiscint rímhaith ag Claire ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) i Radagrafaíocht agus bhí ról lárnach aici sa choiste reatha CPD in CUH a bhunú, coiste a raibh sí ina leaschathaoirleach air. D'eagraigh an coiste raon leathan imeachtaí CPD laistigh den rannóg ar bhonn rialta agus bíonn idir radagrafaithe, altraí, raideolaithe agus Chomhairleoirí eile páirteach iontu.
I 2018, bhog Claire go dtí a ról reatha le Global Diagnostics, áit a bhfuil sí ag obair ina gClinicí VHI agus a bhfuil sí ina Príomh-Radagrafaí DXA a chlúdaíonn an liosta poiblí do réigiún an deiscirt.
Tá Claire ina ball den Bhord Cláraithe Radagrafaithe in CORU le 3 bliana anuas.