English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Irene Regan ceaptha don Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Ar ainmniúchán Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis an duine seo a leanas a cheapadh an athuair don Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) le héifeacht ón 6 Eanáir 2021 don 8 Samhain 2024:

Irene Regan Uasal

Tá Irene Regan ina Príomheolaí Míochaine (Téachtadh/Haemaiteolaíocht) i Sláinte Leanaí Éireann i gCromghlinn (Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn roimhe seo), Baile Átha Cliath, Éire, áit a bhfuil an Lárionad Náisiúnta Péidiatrach um haemaiteolaíocht/oinceolaíocht agus neamhoird haemastatacha lonnaithe. Tá sí sa ról sin ó bhí 2005 ann. Is Comhalta Taighde Chliniciúil í leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus leis an Lárionad Náisiúnta Taighde um Leanaí, Cromghlinn. Tá sí ina léachtóir cuartaíochta freisin ar an gclár MSc san Eolaíocht Saotharlainne Cliniciúla in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sí díreach tar éis a téarma a chur i gcrích mar scrúdaitheoir seachtrach ar an gclár BSc san Eolaíocht Bhithleighis.

Is comhalta í d’Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (FACSLM) agus de Choláiste Ríoga Phaiteolaithe na Ríochta Aontaithe (FRCPath) freisin, agus ceapadh í mar chomhairleoir tíre don Choláiste Ríoga in 2015. Is Eolaí Cliniciúil cláraithe í le Comhairle na nGairmeacha Cúraim Sláinte (HCPC) sa Ríocht Aontaithe.

Bhí Irene ina hUachtarán (2014-2018) ar Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (ACSLM), comhlacht gairmiúil agus iar-údarás inniúil na n-eolaithe míochaine in Éirinn.

Tá sí ina ball faoi láthair de go leor coistí stiúrtha agus grúpaí oibre, lena n-áirítear Clár Cliniciúil FSS sa Phaiteolaíocht, an Comhar Taighde Náisiúnta um Ardchaighdeáin agus um Shábháilteacht Othar, Grúpa Comhairleach FSS do na Gairmeacha um Chúram Sláinte agus Sóisialta, Sainghrúpa Péidiatrach na nGairmeacha um Chúram Sláinte agus Sóisialta, Grúpa Athbhreithnithe Náisiúnta na dTreoirlínte um Scór Réamhrabhaidh, agus an Tionscadal um Chomhchuibhiú an Réimse Tagartha Náisiúnta. Cheap an tAire Sláinte í ar Bhord Clárúcháin Eolaithe Leighis CORU in 2016 agus ar Chomhairle CORU in 2019.

Tá sí tar éis páirt a ghlacadh i dtionscadail thar lear freisin, lena n-áirítear LabSkills Africa, nuair a bhí sí ina Ceannaire ar an Tansáin i dtionscadal meantóireachta comhoibritheach le RCPath UK.

Tá baint ghníomhach aici le taighde comhoibríoch. I measc a cuid spéiseanna taighde, tá an haemaiteolaíocht anailíseach, téachtadh agus diagnóisic shaotharlainne, agus oideachas na haemaiteolaíochta. Rinne sí maoirseacht ar go leor mac léinn fochéime agus iarchéime ag an leibhéal BSc, MSc, MD, MCh agus MBA.