Athcheapadh chuig Bord Ospidéal San Séamas:
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2025
Ar ainmniúchán Ollscoil Bhaile Átha Cliath, tá an tOllamh Orla Sheils athcheaptha ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD mar chomhaltaí de Bhord Ospidéal San Séamas le héifeacht ón 27 Meán Fómhair 2025 go dtí an 26 Meán Fómhair 2031.
An tOllamh Orla Sheils
Tá an tOllamh Orla Sheils ina Leas-Phropast/Príomhoifigeach Acadúil agus Leas-Uachtarán ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá fónta ag an Ollamh Sheils mar Dhéan ar Dhámh na nEolaíochtaí Míochaine, Stiúrthóir Institiúid na Míochaine Aistrithí ag Coláiste na Tríonóide (TTMI), agus is Ollamh le Diagnóisic Mhóilíneach faoi láthair í. Ta DSc agus PhD sa Phaiteolaíocht Mhóilíneach aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MA sa Dlí agus Eitic Mhíochaine ó Choláiste an Rí Londain. Is éard is téama bunúsach lena cuid taighde tuisicint a fháil ar chúiseanna agus bonn móilíneach an ghalair, ag tagairt ach go háirithe don ailse, agus an t-eolas seo a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chosc, ar bhrath, ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil an ghalair. Tá an tOllamh Sheils ina hiniúchóir neamhspleách ó 2001 i leith agus tá 28 mac léinn maoirsithe aici go dtí leibhéal an PhD agus 12 go dtí MD. Oibríonn sí go dlúth leis an tionsclaíocht, í ag díriú teicneolaíochtaí agus forchuranna úrnua ar shuíomh an taighde aistrithgh.