Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapadh ar an mBord Árachais Sláinte Deonach:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2025

Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis an tUasal Mike Frazer agus an Dr Mary Halton a athcheapadh chuig an mBord Árachais Sláinte Dheonaigh le héifeacht ón 26 Meitheamh 2025 go dtí an 25 Meitheamh 2028.


An tUasal Mike Frazer

Is achtúire é an tUasal Mike Frazer a bhfuil beagnach 40 bliain de thaithí aige sa tionscal árachais, agus d'oibrigh sé go príomha le Irish Life, Zurich Life agus mar POF ar AXA Life Invest Reinsurance. Ina theannta sin, d'oibrigh sé i mBanc Ceannais na hÉireann áit a raibh sé ina Leas-Cheann Maoirseachta Árachais. Faoi láthair, oibríonn sé mar chomhairleoir le William Fry Solicitors agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar chuideachta árachais neamhshaoil, ar chuideachta athárachais agus ar chuideachta iontaobhaí pinsin. Ó 2018 go 2021, bhí sé ina Rúnaí Oinigh ar Chumann na nAchtúirí in Éirinn.


An Dr Mary Halton

Is Cuntasóir Cairte í an Dr Mary Halton a bhfuil taithí shinsearach feidhmiúcháin, neamhfheidhmiúcháin agus chomhairleach aici a fuarthas sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada agus in Éirinn. Le cúlra sa bhaincéireacht agus san árachas, tá a cuid oibre feidhmiúcháin i réimse an chisteáin agus na hinfheistíochta. Tá Mary ina ball tuata de Bhinse Cóipchirt na Ríochta Aontaithe agus ina hiarbhall de Chomhairle Rialaithe Chuntasóirí Cairte na hÉireann. Mar úinéir agus comhairleoir boird le Align Consulting Ltd, d'oibrigh sí le boird agus le foirne sinsearacha sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Tá PhD i mBeartas Poiblí ag Mary, agus MSc i gCeannaireacht Feidhmiúcháin, agus foilsíodh a cuid taighde ar rialachas boird go hidirnáisiúnta.