English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Figiúirí Míosúla TrolleyGAR

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 21 Meán Fómhair 2020

Trí huaire i rith an lae, ag 8am, ag 2pm agus ag 8pm, tuairiscíonn na hospidéil ghéarmhíochaine an líon othar atá ag feitheamh ar an iontráil chun leaba ospidéil d'othair chónaithe a fháil. Leis an gCóras FSS ar a dtugtar TrolleyGAR, éascaítear an mhonatóireacht laethúil a bheith déanta ar an fheidhmíocht ED agus cuidíonn sé chun freagairt na n-ospidéal a spreagadh le linn tréimhsí gnóthacha.

Gach uile mhí, déanann an Roinn Sláinte figiúirí TrolleyGAR an FSS a athfhoilsiú.


Lúnasa 2019

Léirítear i bhfigiúirí sealadacha TrolleyGAR gur comhaireamh 9,138 duine ar thralaithe i mí Lúnasa, sin 5% níos airde ná an mhí roimhe sin (8,671), agus 31% níos airde ná mar a bhí mí Lúnasa 2018 (6,997).

Is ionann an líon tralaithe don bhliain go dtí seo ó Eanáir go Lúnasa agus 71,551, sin méadú 3% i gcomparáid le 69,465 don tréimhse chéanna anuraidh.

Tá an roinn ag déanamh an-chuid teagmhála leis an FSS i mbliana chun gníomhaíochtaí maolaitheacha a aithint chun líon na dtralaithe agus na hamanna feithimh san ED a laghdú in éadan an éilimh, atá ag dul i méid.


Iúil 2019

Léirítear i bhfigiúirí sealadacha TrolleyGAR gur comhaireamh 8,679 duine ar thralaithe i mí Iúil, sin 22% níos airde ná an mhí roimhe sin, agus 43% níos airde ná mar a bhí mí Iúil 2018 (6,086).


Meitheamh 2019

Léirítear i bhfigiúirí sealadacha TrolleyGAR gur comhaireamh 7,114 duine ar thralaithe i mí an Mheithimh 2019, sin 10.8% níos ísle ná mar a bhí mí na Bealtaine 2019.

Tá líon na dtrollaithe den chéad sé mhí de 2019 4.7% níos ísle ná mar a bhí sa tréimhse chéanna anuraidh.


Bealtaine 2019

Léirítear i bhfigiúirí sealadacha TrolleyGAR gur comhaireamh 7,976 duine ar thralaithe i mí Bealtaine, sin 18% níos ísle ná mar a bhí mí Aibreáin. Tá líon na dtrollaithe den chéad 5 mhí de 2019 7% níos ísle ná mar a bhí sa tréimhse chéanna anuraidh.


Aibreán 2019

Léirítear i bhfigiúirí sealadacha TrolleyGAR gur comhaireamh 9,708 duine ar thralaithe i mí Aibreáin, sin 0.8% níos ísle ná mar a bhí mí an Mhárta.

Is údar díomá an leibhéal laghdaithe seo i mí Aibreáin i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann blianta eile roimhe seo, ach tá líon na dtralaithe don chéad 4 mhí de 2019, tomhaiste le chéile mar aon, 8% níos ísle ná mar a bhí an bhliain seo caite.


Márta 2019

Léirítear sna figiúirí sealadacha atá ann go bhfuil líon na dtralaithe don chéad ráithe de 2019 níos ísle ná mar a bhí aon uair le 5 bliana anuas.

Tá tuilleadh oibre le déanamh chun cur leis an acmhainneacht agus na liostaí feithimh a laghdú.