English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éire chun tosaigh ar thíortha an Aontais Eorpaigh maidir le torthaí agus glasraí a ithe go laethúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Aibhsíonn an tuarascáil nua freisin:

  • Laghdú suntasach ar rátaí caitheamh tobac idir 2010 – 2020
  • Básanna ó thruailliú aeir níos lú ná leath de mheán an AE
  • Clúdach an Rialtais ar chostais chógaisíochta i bhfad os cionn mheán an AE

Itheann daoine in Éirinn níos mó sciartha laethúla de thorthaí agus glasraí ná in aon tír eile san AE, de réir thuarascála a d’eisigh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE).

Ar fud bhallstáit uile an AE, ní itheann ach 12% de dhaoine fásta na cúig sciar nó níos mó de thorthaí agus glasraí a mholtar in aghaidh an lae. Baineann 33% de dhaoine fásta in Éirinn an sprioc seo amach áfach, agus itheann 48% eile idir aon agus ceithre sciar in aghaidh an lae.

Tá na figiúirí san áireamh sa Tuarascáil ECFE is déanaí Sracfhéachaint ar an tSláinte 2022, a leagann béim freisin ar dhul chun cinn na hÉireann maidir le rátaí caitheamh tobac a laghdú le deich mbliana anuas.

I 2020, chaith beagnach duine as gach cúigear duine fásta (19%) ar fud thíortha an AE tobac go laethúil, i gcomparáid le 16% de dhaoine fásta in Éirinn.

Thit rátaí caitheamh tobac in Éirinn faoi ocht bpointe céatadáin ó 24% i 2010. Seo an dara titim is mó ar fud thíortha an AE, taobh thiar den Eastóin inar thit na rátaí tobac ó 27% i 2010 go 18% i 2020.

Leagann an tuarascáil béim freisin ar an mbagairt shuntasach atá ann ó thruailliú aeir agus athrú aeráide de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh fadhbanna sláinte tromchúiseacha ann lena n-áirítear galair riospráide, ailse scámhóg, galair chardashoithíocha agus leoicéime.

I dtíortha an AE, meastar gur bhásaigh 307,000 duine i 2019 mar thoradh ar nochtadh d’ábhar cáithníneach mín (PM2.5) – príomh-thruailleán aeir.

Bhí na rátaí básmhaireachta ó PM2.5 ab airde i Lár agus in Oirthear na hEorpa agus bhí rátaí báis roimh am ar a laghad 50% níos airde ná meán an AE de 69 in aghaidh an 100,000.

Os a choinne sin, bhí ceann de na rátaí is ísle ag Éirinn (27 in aghaidh 100,000), taobh thiar den Íoslainn (14 in aghaidh 100,000) agus an Iorua (23 in aghaidh 100,000).

Ina theannta sin, léiríonn an tuarascáil go bhfuil clúdach poiblí na hÉireann ar chostais chógaisíochta ar cheann de na cinn is fláithiúla san AE.

Ar an meán, clúdaíonn scéimeanna rialtais agus árachais éigeantach 70% den chaiteachas miondíola cógaisíochta, ach in Éirinn, clúdaítear 81% den chaiteachas cógaisíochta. Seo i gcomparáid le 85% sa Chipir agus díreach 41% san Íoslainn.

Molann an tuarascáil freisin cur i bhfeidhm tapaidh na hÉireann den chlár vacsaínithe COVID-19, a mheastar a laghdaidh básanna faoi 70%.

Faoi dheireadh 2021, b’ionann meánráta vacsaínithe an AE agus 77% den daonra, ach chríochnaigh níos mó ná 90% den daonra fásta in Éirinn bunchúrsa vacsaínithe.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Déanann tuarascáil an ECFE Sracfhéachaint ar an tSláinte: An Eoraip 2022, a foilsíodh i mí na Nollag 2022, athbhreithniú ar na príomhdhúshláin chun córais sláinte níos láidre a thógáil tar éis COVID-19. Tá sé deartha chun measúnú trastíre a sholáthar ar fheidhmíocht na gcóras náisiúnta sláinte san Aontas Eorpach.

Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil ag Sracfhéachaint ar an tSláinte: An Eoraip 2022 – ECFE