An Dara Tuarascáil Bhliantúil ar Fhógraí i gcomhréir leis an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018
- Foilsithe: 29 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an dara Tuarascáil Bhliantúil ar an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, faoi mar a cheanglaítear faoi alt 20 den Acht. Cumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 sa tuarascáil.
Ghníomhaigh an Rialtas ar ordú mhuintir na hÉireann agus an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 á thabhairt isteach. Thug agus tugann an Rialtas tús áite do sheirbhís a bheith i bhfeidhm a sholáthraíonn seirbhísí leighis agus atá sábháilte agus á rialú chun toirchis a fhoirceannadh.
Tá ábhar a foilsíodh ar eolas a chuimsítear i bhfógraí srianta chun teorainn a chur leis an riosca go sainaithneofar daoine ina cheist príobháideach rúnda idir othair agus a ndochtúirí.
Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil gur tugadh faoi 6577 gnáthamh leighis, ar an iomlán, faoin Acht in 2020. Is ionann an figiúr seo agus laghdú beag ar an bhfigiúr don chéad bhliain seirbhíse in 2019, nuair a fuarthas 6666 fógra, ar an iomlán.
In 2020, tugadh faoi 20 gnáthamh mar gheall ar bhaol don bheatha nó sláinte faoi na forais a leagtar amach in alt den Acht; tugadh faoi 5 ghnáthamh mar gheall ar bhaol don bheatha nó don tsláinte i gcás éigeandála faoi alt 10; tugadh faoi 97 gnáthamh mar gheall ar aimhrialtacht mharfach féatais; agus tugadh faoi 6455 gnáthamh go luath sa toircheas faoi na forais a leagtar amach in alt 12 den Acht.
Ceanglaítear in alt d’Acht 2018 go gcuirtear an tAire Sláinte ar an eolas ar an dáta faoinar tugadh an foirceannadh toirchis. Tugann na sonraí don bhliain 2020 le fios gurbh iad na míonna inar tugadh faoin líon ab airde foirceanta Eanáir (707 fógra), Márta (655) agus Aibreán (638). Ba í an mhí inar tugadh an líon ba lú fógraí Nollaig (319).
Ar deireadh, bailítear eolas ar fhoirmeacha fógra freisin, faoi alt 20 d’Acht 2018, faoi thír nó áit chónaithe na mná torraí. Faoi mar a bhféadfaí súil a bheith leis, nuair a chuirtear san áireamh gurb ionaid daonra iad, ba é Baile Átha Cliath an contae
cónaithe i gcás 2414 fógra a fuarthas, luaigh 645 duine gur chónaigh siad i gCorcaigh agus 278 i Luimneach. Ba í Liatroim an contae a luadh sa líon ba lú fógraí nuair nár luaigh ach 28 de na mná torracha í mar a gcontae cónaithe. Léirigh na sonraí gurbh é Tuaisceart Éireann an áit chónaithe a tugadh le fios in 36 cás, agus cuireadh láthair eile lasmuigh d’Éirinn an áit chónaithe in 8 bhfógra.
Sheol FSS tuarascáil ar aghaidh, faoi mar a cheanglaítear air faoi alt 18 den Acht, ar athbhreithnithe faoinar tugadh in 2019. Cuireadh an tuarascáil seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais freisin. Tugtar le fios i dtuarascáil FSS go ndearnadh 2 iarratas ar athbhreithniú leis an bhFeidhmeannacht in 2020. Deimhníodh gur shásaigh iarratas amháin de na hiarratais na ceanglais chun tabhairt faoi foirceannadh dleathach toirchis.