An Plean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh 2025 foilsithe ag an Aire Carroll MacNeill
- Foilsithe: 12 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Márta 2025
- béim ar laghduithe breise ar thréimhsí feithimh do chúram sceidealta ospidéil
- maoiniú €420 milliún leithdháilte ar WLAP 2025
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill tar éis an Plean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh (WLAP) 2025, ina dtugtar gealltanas an Rialtais maidir le tréiimhsí feithimh d’othair a laghdú agus feabhas a chur ar rochtain ar chúram ospidéil, a fhoilsiú inniu (12 Feabhra).
Bhí an méid seo a leana le rá ag an Aire Carroll MacNeill:
“Tá saol níos faide agus níos sláintiúla ag ár bpobal agus beidh rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag teastáil uaidh ar chúram sceidealaithe othar ar ardchaighdeán sna blianta amach romhainn. Sa Chlár don Rialtas gheallamar tréimhsí feithimh a laghdú tuilleadh, rud a ghabhfadh roinnt buntáistí leis ó thaobh an othair de, i dtéarmaí torthaí feabhsaithe agus eispéireas níos fearr maidir leis an tseirbhís sláinte.
“Is garsprioc thábhachtach san aistear sin é an Plean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh 2025. Tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh 2025, ar a bhfuil €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF), lena dírefar ar laghdú inbhuanaithe a dhéanamh ar an méid ama a bhíonn daoine ag fanacht ar chúram.”
Tábla 1: Feabhsuithe ar an Meán-Tréimhse Feithimh Ualaithe faoin gcur chuige WLAP
Dírítear le WLAP na bliana seo ar thréimhsí feithimh do chúram sceidealaithe a laghdú agus leagtar amach ann ceithre phríomhsprioc atá dírithe ar an gcuspóir sin a bhaint amach, is iad sin:
- tréimhsí feithimh a bheith ag 50% d’othair atá níos lú ná spriocanna Sláintecare maidir le tréimhsí feithimh (is é sin, 10 seachtaine d’othair sheachtracha (OPD) agus 12 sheachtain d’othair chónaitheacha agus d'othair cásanna lae (IPDC))) faoi dheireadh 2025
- an meán-thréimhse feithimh ualaithe do chúram sceidealta a laghdú go 5.5 mí
- líon na n-othar seachtarach atá ag feitheamh níos lú ná 12 mhí a mhéadú go 90% faoi dheireadh 2025
- laghdú 90% ar líon na n-othar atá ag feitheamh níos faide ná 24 mhí, nó atá i mbaol feithimh níos faide ná 24 mhí faoi dheireadh 2025, i mbliana.
Cuirtear san áireamh in WLAP 2025 na struchtúir nua Réigiúnacha laistigh d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an t-aistriú leanúnach i dtreo múnla seachadta cúraim níos comhtháite, sa mhéid is go mbeidh tiomantais shonracha Réigiúnacha mar thaca ag an WLAP náisiúnta i dtéarmaí gníomhaíochta, táirgiúlachta agus athchóirithe. Tabharfaidh an cur chuige nua seo solúbthacht do gach Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach i dtéarmaí na ngníomhartha sonracha a dtugann siad tosaíocht dóibh, chun tacú le baint amach na spriocanna náisiúnta uileghabhálacha atá i WLAP 2025.
Maidir leis an WLAP, mheabhraigh Bernard Gloster, Príomhfheidhmeannach an FSS:
“Is céim ríthábhachtach é an Plean Gníomhaíochta maidir le Liostaí Feithimh 2025 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ár seirbhís sláinte. Leagtar amach sa Phlean seo cur chuige ilghnéitheach maidir le haganna feithimh a laghdú, acmhainneacht a fheabhsú, agus próisis a shruthlíniú lena chinntiú ní hamháin go bhfuilimid ag freastal ar riachtanais láithreacha na n-othar, ach freisin ag ullmhú d’éilimh amach anseo. Tógann sé ar an méid a roinneadh roimhe seo, agus tugtar aitheantas ann dul chun cinn atá déanta againn, cé go dtuigeann muid go bhfuil obair fós le déanamh.”
Tá dul chun cinn suntasach déanta tríd an bplean gníomhaíochta chun tréimhsí feithimh inár n-ospidéil ghéarmhíochaine a laghdú. Ó cuireadh tús leis an gcur chuige WLAP i Meán Fómhair 2021, tá laghdú beagnach 64% tagtha ar líon na bhfreastalaithe fada (is é sin, na hothair sin a bhí ag feitheamh níos mó ná 12 mhí) suas go dtí deireadh mhí na Nollag 2024. Is ionann sin agus 179,000 duine.
Léiríonn na laghduithe ar thréimhsí feithimh a baineadh amach faoin gcur chuige sa Phlean gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh go ndearnadh dul chun cinn marthanach i dtreo ár sprioc deiridh chun na hamanna feithimh uasta a leagadh amach i dtuarascáil Cúram Sláinte 2017 a bhaint amach, mar shampla, 10 seachtaine d’othair sheachtracha (OPD) agus 12 sheachtain d’othair chónaitheacha agus d'othair cásanna lae (IPDC). Ó Mheán Fómhair 2021, tá laghdú timpeall 25% ar líon na ndaoine ar an liosta feithimh atá ag fanacht níos faide ná na spriocanna Cúram Sláinte. Is ionann é sin agus thart ar 148,800 níos lú daoine ag sárú na spriocanna seo.
I mí na Nollag 2024, b'ionann an céatadán othar a bhí ag feitheamh níos lú ná spriocanna Sláintecare maidir le tréimhsí feithimh agus thart ar 35%. Trí chur i bhfeidhm rathúil WLAP 2025, tá sé mar aidhm an chomhréir seo a fheabhsú go 50% faoi dheireadh na bliana seo.
Le WLAP 2025, tá sé mar aidhm ag an Roinn Sláinte, ag FSS agus ag an NTPF dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na fís deiridh de sheirbhís cúram sláinte poiblí den chéad scoth ina mbeidh rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealta d’ardchaighdeán, áit agus nuair a bhíonn sé de dhíth orthu.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an Roinn Sláinte agus an FSS araon dírithe go hiomlán ar aganna feithimh a leasú agus a laghdú agus ar rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú, mar a léiríodh sa “Clár Rialtais 2025 – Ag Daingniú Todhchaí na hÉireann” a ceadaíodh le déanaí agus i bPlean Seirbhíse Náisiúnta 2025 FSS.
D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le NTPF chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2024 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú" agus "Cúram Sceidealta a Athchóiriú", lena n-áirítear:
- Acmhainneacht a Sheachadadh - leagann sé amach roinnt tionscnamh chun cumas cúraim sceidealaithe a uasmhéadú, mar shampla gníomhaíocht bhreise OPD FSS, IPDC agus raon feidhme GI a sheachadadh, foinsiú agus foinsiú allamuigh FSS, cumas feabhsaithe ionscópachta, coimisiúnú agus bailíochtú an NTPF, chomh maith le gníomhaíocht a sheachadfar tríd an gcéad dá mhol máinliachta, a bhfuiltear ag súil go n-osclófar iad i mBaile Átha Cliath i mbliana.
- Cúram Sceidealta a Athchóiriú -lena n-áirítear tionscnaimh chun tacú le hathchóiriú liostaí feithimh chun an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar bhealach atá dírithe ar an othar, amhail: tionscnaimh a fhéachann le barrfheabhsú a dhéanamh ar chonair an othair ón atreorú go dtí an scaoileadh amach, e.g. trí bhearta feabhsaithe táirgiúlachta agus éifeachtúlachta a úsáid chun liostaí feithimh a bhainistiú; fócas leanúnach ar aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh le haghaidh ortaipéidic péidiatraiceach, róthrom agus murtall, agus gínéiceolaíocht; agus dul chun cinn a dhéanamh ar obair na nGrúpaí Oibre Speisialtachta Ardtoirte do Dheirmeolaíocht, Oftailmeolaíocht agus Ota-laraingeolaíochta. Príomhghné eile den athchóiriú laistigh den WLAP ná dul chun cinn breise a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gCosán Cúraim Nuachóirithe (MCPanna).
- Athchóiriú ar Chúram Sceidealta a Chumasú - cuimsítear ann roinnt teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha agus cumasúcháin a thacóidh agus a éascóidh athchóiriú fadtéarmach na liostaí feithimh. Áirítear leis seo raon tionscnamh faoin gclár oibre r-Shláinte níos leithne, mar: feabhsuithe ar an gcóras comhtháite bainistíochta othar (IPMS) agus seirbhísí atreoraithe leictreonacha a rolladh amach; córas tuairiscithe ionscópachta nua a rolladh amach; Intleacht Shaorga agus próisis uathoibrithe a chur chun feidhme tuilleadh chun tacú le bainistiú gnéithe áirithe de liostaí feithimh; leanúint le hardáin léirshamhlaithe sonraí feabhsaithe a leabú chun táirgiúlacht agus maoirseacht feidhmíochta a fheabhsú, lena n-áirítear an tArdán Amharcléirithe Feidhmíochta Sláinte (HPVP); agus Feidhmchlár Othar FSS a chur i bhfeidhm
Anuraidh, faoin gcur chuige WLAP, tháinig laghdú thart ar 12% ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh os cionn 12 mhí ó mhí na Nollag 2023, agus laghdú comhfhreagrach de thart ar 20% ar an líon atá ag feitheamh os cionn 18 mí. Mar thoradh ar na feabhsuithe sin, faoi dheireadh mhí na Nollag 2024, tá thart ar 85% de na hothair go léir a bhí ag fanacht ar chúram ag tús na bliana 2024 bainte den liosta feithimh.
I dtéarmaí na n-othar a bhí ag feitheamh is faide, ag deireadh mhí na Nollag 2024, tháinig laghdú breis agus 73% (thart ar 25.0k) ar líon na n-othar a bhí ag fanacht nó a bhí i mbaol feithimh thar 3 bliana ó Eanáir 2024 i leith.
Ó tugadh isteach an chéad WLAP, tá laghduithe feicthe againn ar an meánfhad ama a bhí othair ar liostaí feithimh ospidéil. Mar shampla:
- tháinig ladhdú ar meán-thréimhse feithimh ualaithe d'othair sheactracha ó 12.8 mí i Meán Fómhair 2021 go 6.8 mí ag deireadh mhí na Nollag 2024. Is ionann é sin agus laghdú thart ar 47%
- Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú ar an meán-am feithimh ualaithe do IPDC ó 9.1 mí go 6.0 mí – titim de thart ar 34%.
- Agus do GI Scopes, thit an meán-am feithimh ualaithe ó 6.9 mí go 2.7 mí – c. laghdú 61% – le linn na tréimhse sin
Baineadh na feabhsuithe ar thréimhsí feithimh, a soláthraíodh tríd an gcur chuige WLAP, amach i gcomhthéacs éileamh méadaithe ar sheirbhísí cúraim sceidealaithe. Anuraidh, cuireadh 1.814 milliún duine le liostaí feithimh na n-ospidéal, rud a bhí díreach os cionn 2% níos mó ná mar a measadh, arb ionann é agus thart ar 39,500 duine. Mar sin féin, lean an treocht le déanaí de mhéaduithe bliain ar bhliain ar ghníomhaíocht na seirbhíse sláinte agus ar líon na n-othar a fuair cóireáil anuraidh. Le linn 2024, baineadh 1.812 milliún duine dár liostaí feithimh ospidéil ghéarmhíochaine, rud a bhí ar aon dul leis na réamh-mheastacháin sa WLAP.