An t-eolas is déanaí faoi sheachadtaí Vacsaíní COVID-19 - Dé Céadaoin an 5 Bealtaine 2021

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is déanaí faoi sheachadtaí Vacsaíní COVID-19 - Dé Céadaoin an 5 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Is é straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh chomh tapa agus is féidir ó thaobh oibríochta de, ag tabhairt tosaíochta dóibh siúd is leochailí ó COVID-19.

Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtúlachta agus na cothroime, agus é mar aidhm aige drochthinneas, líon na ndaoine san ospidéal agus básanna ó ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.

Seo a leanas nuashonrú ar líon iomlán na vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, suas go dtí Dé Domhnaigh an 2 Bealtaine 2021 agus an lá sin san áireamh.

Tréimhse Pfizer Moderna AstraZeneca Janssen Iomlán
Go dtí deireadh Mhí an Mhárta 2021 737,100 109,200 340,800 1,187,100
Aib-21
Seachtain 14 2021 135,720 135,720
Seachtain 15 2021 136,890 34,800 14,400 14,400 200,490
Seachtain 16 2021 136,890 19,200 36,000 192,090
Seachtain 17 2021 191,880 22,800 174,800 12,000 401,480
Iomlán 1,338,480 186,000 566,000 26,400 2,116,880

Amhail Dé Luain an 3 Bealtaine, bhí 1,621,870 dáileog den vacsaín tugtha in Éirinn, agus bhí dáileog amháin ar a laghad faighte ag 30% den daonra 16 bliana d’aois agus níos sine.

D'iarr Moderna Inc go gcoinneofaí 50% dá vacsaín siar don dara dáileog.Ar an gcaoi chéanna, déantar méid maolánach iomchuí a thiomsú agus a choinneáil siar i gcás gach vacsaín lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil an tseachtain dar gcionn.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat